Le linn na géarchéime bunreachtúla atá ar siúl sa Pholainn i láthair na huaire tá imní go leor ann faoin ladar a chuireann an tAontas Eorpach isteach i bpróisis toghchánaíochta agus bhreithiúnacha, ní hamháin i mballstáit an Aontais Eorpaigh, ach i dtíortha eile san Eoraip. Sa Pholainn féin, tacaíonn an tAontas Eorpach le hiarrachtaí an Phríomhaire Donald Tusk breithimh ansin a athrú, rud atá uachtarán na tíre sin Karol Nawrocki glan ina choinne.
An fhianaise is mó i dtaobh an chur isteach seo ná an méid airgid a chaitheann an eagraíocht thrasnáisiúnta seo ar ‘cur chun cinn an daonlathais’ agus a gcuid cainte poiblí faoi ar cheart nó nár cheart dóibh bheith i gcumhacht sna tíortha ina bhfuil sid. Chaith an tAontas Eorpach thart ar €4.5 billiún chun “tacú leis an daonlathas” idir na blianta 2021 agus 2023 de réir fhigiúirí oifigiúla an Aontais Eorpaigh féin. Leis an airgead seo maoinítear meáin chumarsáide atá báúil le cuspóirí agus beartais an Aontais Eorpaigh sna tíortha sin, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí/páirtithe a bhfuil ar aonintinn lena gcuspóirí.
/more
I mbliana bhí an cur isteach seo soiléir sna toghcháin náisiúnta a bhí ar siúl san Ungáir, ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh, i mí Aibreáin seo caite nuair a thaobhaigh an tAontas Eorpach go hoscailte le páirtí agus iarrthóir amháin le go gcuirfidís Viktor Orbán agus a pháirtí Fidesz as cumhacht. Tharla an rud céanna sa tSeirbia, lasmuigh den Aontas Eorpach, nuair a mhaoinigh an tAontas Eorpach trína eagraíocht neamhrialtasach Liosta na Mac Léinn chun Aleksander Vucic a chur as cumhacht an mhí seo caite. D’éirigh leo sa dá chás seo.
Thaobhaigh an tAontas Eorpach go hoscailte le páirtithe báúil dá leasa i dtoghcháin náisiúnta pharlaiminte sa Mholdóiv agus sa Rómáin anuraidh. I gcás na Moldóive thacaigh agus mhaoinigh an tAontas Eorpach an páirtí PAS faoi cheannas Maia Sandu san olltoghchán in 2025 agus i dtoghcháin na hUachtaránachta in 2024. Cé gur chaill PAS sa Mholdóiv, is iad an diaspóra Moldóvach in iarthar na hEorpa a bhuaigh an toghchán sin. Ní raibh an deis chéanna ag an diaspóra Moldóvach sa Rúis vóta a chaitheamh mar a ligeadh don diaspóra san iarthar in ainneoin go bhfuil milliún saoránach na tíre sin ag cur fúthu sa tír sin.
I mí na Nollag an bhliain chéanna, 2024, sa Rómáin, chuir breithiúna na tíre sin an toghchán uachtaránachta ar ceal nuair a bhuaigh Calin Georgescu, iarrthóir frith-AE, sa dara babhta. An chúis a tugadh don chealú seo ná gur cuireadh i leith na Rúiseach go raibh inchur acu sa toghchán, cé nach bhfuil aon fhianaise increidte gur tharla a leithéid. Cuireadh Georgescu faoi bhraighdeanas baile nuair a fógraíodh athreáchtáil an toghcháin sin, gan cead aige seasamh. Faoi dheireadh bhuaigh an t-iarrthóir neamhspleách Nicosur Dan, atá an-bháúil don Aontas Eorpach agus leis an gcampa Eora-Atlantach i gcoitinne.
I ngach ceann de na samplaí thuasluaite, cuireadh i leith do Chonaidhm na Rúise, gan fianaise, go bhfuil siad freagrach as inchur sna toghcháin trí chíbearfheachtais, ach i dtaobh maoiniú airgid “chun tacú leis an daonlathas” trí airgead agus acmhainní a sholáthar do pháirtithe, grúpaí, meáin chumarsáide agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, is léir cén áit as a dtagann an cur isteach seo; ní Conaidhm na Rúise, ach an tAontas Eorpach féin!