Tá an cumadóir ceoil Judith Ring tofa ina ball nua d’Aosdána, an eagraíocht a thugann aitheantas d’ealaíontóirí a bhfuil éacht déanta acu i saol na n-ealaíon cruthaitheach in Éirinn.
Fógraíodh a toghadh ag cruinniú bliantúil na heagraíochta i gCumann Dlí na hÉireann, Plás na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, Dé hAoine seo caite, agus tá líon iomlán na mball in Aosdána anois ag 250.
Toghadh ceathrar ealaíontóirí eile ag an gcruinniú céanna, mar atá Ailbhe Ní Bhriain agus Jackie McKenna sna hamharcealaíona, Oona Doherty sa chóragrafaíocht agus Mark Roper sa litríocht.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!