
Le cúpla seachtain anuas tá scéalta i mbéal an bhig agus an mhóir faoi sceimhleacha buama, athruithe i gcúrsaí eitleáin, iriseoirí a aslonnaíodh óna n-áiteanna oibre, agus fiú bagairtí ar ár soláthar uachtair reoite agus bia reoite, agus é sin go léir i gcomhthéacs feachtais atá ag éirí níos spadhrúla faoi bhagairt Rúiseach ar Éirinn agus an ‘riachtanas’ dá réir druidim níos dlúithe le ECAT, diúltú do smacht na Náisiún Aontaithe ar ghníomhaíocht mhíleata thar lear, agus ár naisc le beartas míleata an Aontais Eorpaigh a dhaingniú.
Níl aon fhianaise ar bith ann go raibh baint ag an Rúis leis na heachraí seo, ach ní chuireann an easpa fianaise aon leisce orthu siúd atá ag iarraidh leas a bhaint as an scéal le cealú an ghlais thriaraigh a bhaint amach.
Agus tá na meáin sásta a gcuid a dhéanamh freisin. Deir an Irish Examiner go bhfuil líomhaintí ‘inchreidte’ ann go raibh na Rúisigh taobh thiar de. Ach ní luann siad na fíricí a thugann le tuiscint go bhfuil na líomhaintí ‘inchreidte’.