Agus an teocht ag titim i dtreo an reophointe, tá an Rúis ag díriú arís ar na córais a mbíonn muintir na hÚcráine ag brath orthu chun a dtithe a théamh agus solas a bheith acu. Tá diúracáin, dróin Shahed agus buamaí treoraithe ar fad mar chuid d’ionsaí leanúnach ar chathracha agus ar phobail. Ní ar an líne tosaigh amháin atá an baol. Sroicheann sé tithe, ionaid oibre, scoileanna agus an bonneagar a mbíonn an saol laethúil ag brath air.
Dúirt Denys Shmyhal, Aire Fuinnimh na hÚcráine, leis an bparlaimint, de réir tuairisc ó Ukrinform, gníomhaireacht nuachta náisiúnta na hÚcráine, go raibh níos mó ná 350 ionsaí déanta ag an Rúis ar bhonneagar fuinnimh ó mhí Mheán Fómhair seo caite i leith. Rinneadh damáiste do bhreis agus 800 píosa trealaimh ag saoráidí giniúna leictreachais agus ag fostáisiúin. Thaifead Misean Faireacháin Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe 423 ionsaí ar a laghad ar shaoráidí giniúna, tarchurtha agus dáileacháin leictreachais le linn an gheimhridh seo caite, ó Dheireadh Fómhair 2025 go Márta 2026. Thaifead sé 74 ionsaí ar a laghad ar stáisiúin teasa agus cumhachta agus ar bhonneagar teasa eile freisin.
Thuairiscigh Reuters gur buaileadh bonneagar fuinnimh in ocht réigiún in ionsaithe an 10 Samhain, cúig fhostáisiún mhóra leictreachais ina measc, agus gur cailleadh an chumhacht i dtithe agus árasáin i sé réigiún. Ach ní an fuinneamh amháin atá faoi ionsaí go leanúnach. Ar an lá céanna, bhuail ionsaí Rúiseach siopa Epicentr eile fós, siopa feabhsúcháin tí, in Kropyvnytskyi inar gortaíodh beirt, de réir Ukrainska Pravda. De réir Forbes tá 33 Epicentr buailte, 19 scriosta agus dochar déanta do 14, ó Feabhra 2022.
Dheimhnigh na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh 328 sibhialtach agus gur gortaíodh 2,105 ar fud na hÚcráine i mí Mheán Fómhair na bliana seo. I gCív maraíodh nó gortaíodh sibhialtaigh ar 22 lá as 30 an mhí sin. An líon laethanta ba mhó inar taifeadadh sibhialtach maraithe in ionsaithe sa chathair ó thosaigh an ionradh lánscála in 2022.
Ar an 2 Samhain bhuail ionsaithe Rúiseacha scoil in Komyshuvakha, i réigiún Zaporizhzhia. Bhí an foirgneamh in úsáid chun cúnamh daonnúil a dháileadh agus chun foscadh a thabhairt do shibhialtaigh. Thuairiscigh Kayoko Gotoh, oifigeach sinsearach de chuid na Náisiún Aontaithe, ina dhiaidh sin gur maraíodh 55 duine ar a laghad.
Idir an dá linn tá an Rúis ag íoc go trom as dul chun cinn beag ar an talamh. Mheas an Institiúid um Staidéar ar an gCogadh gur chaill fórsaí na Rúise 27 ciliméadar cearnach glan i mí Dheireadh Fómhair. De réir léarscáileanna na hInstitiúide um Staidéar ar an gCogadh, le linn na chéad deich mí de 2026, níor thóg an Rúis ach 117 ciliméadar cearnach, i gcomparáid le breis agus 5,300 ciliméadar cearnach in 2025. Thuairiscigh lucht ardcheannais fhórsaí armtha na hÚcráine gur maraíodh nó gur gortaíodh go dona 54,400 saighdiúir Rúiseach i mí Dheireadh Fómhair.
Is dróin atá freagrach as cuid mhór de na caillteanais sin a thuairiscíonn an Úcráin ar fhórsaí na Rúise. Deir Aireacht Cosanta na hÚcráine gur mharaigh nó gur ghortaigh ionsaithe dróin 27,829 saighdiúr Rúiseach idir an 1 agus an 25 Deireadh Fómhair. Deir an Aireacht go ndéantar gach buille a thaifeadadh ar fhíseán sa chóras comhraic DELTA agus go bhfíoraíonn Brave1, tionscnamh teicneolaíochta cosanta faoi stiúir rialtas na hÚcráine, iad.
Ní chruthaíonn na figiúirí gurb iad deacrachtaí na Rúise ar an talamh is cúis leis na hionsaithe ar phobal na tíre, na bailte,na cathracha agus ar an mbonneagar sibhialta. Ach is léir an chodarsnacht: fíorbheagán dul chun cinn ar an talamh, caillteanais mhóra mhíleata de réir na bhfigiúirí a tuairiscíodh, agus ionsaithe atá ag méadú agus a fhágann sibhialtaigh ag cur suas leis an bhfuacht, leis an dorchadas agus ag cailleadh a n’áiteacha cónaithe agus a n-ionad oibre. Cuireann an dlí daonnúil idirnáisiúnta cosc ar shibhialtaigh agus ar rudaí sibhialta a ionsaí d’aon ghnó. Is léir i gcás mhuintir na hÚcráine nach bhfuil meas madaigh ag an ionaitheoir ar an dlí.