Píonós ar rialtas Trump
Tá buille mór tugtha ag toghthóirí na Stát Aontaithe do rialtas an Uachtaráin Donald Trump agus don Pháirtí Poblachtach i ndiaidh na dtoghchán lárthéarma a reáchtáladh ar an 3 Samhain 2026. Is borradh mór é seo don Pháirtí Daonlathach, ina raibh a gcéilí comhraic, na Poblachtánaigh, roimhe seo i gceannas ar dhá theach na Comhdhála le dhá bhliain. Léirigh na torthaí gur chuir toghthóirí míshástacht láidir in iúl le polasaithe an rialtais reatha, an cogadh i gcoinne na hIaráine go háirithe. Le hardú phraghas an bhreosla agus an ráta boilscthe mar thoradh air seo, chomh maith le neart geallúintí nár chomhlíonaigh Trump a thug sé sular toghadh mar uachtaráné, d’fhan cuid shuntasach de lucht MAGA sa bhaile ar lá an toghcháin.
Borradh sna Daonlathaigh
I dtoradh nár chuir iontas ar roinnt daoine d’éirigh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar ais ar Theach na nIonadaithe, le breis is 250 suíochán agus níos mó ná daichead suíochán bainte ó na Poblachtánaigh. Bhí an rath céanna orthu sa Seanad, áit ar bhuaigh siad i stáit a bhí daingean ag na Poblachtánaigh ar feadh fada an lá, lena n-áirítear Texas, Kansas, agus Carolina Theas. Is é seo an chéad uair ó na 1930í a toghadh seanadóir Daonlathach in Kansas agus an chéad uair ó na 1960í in Carolina Theas, rud a léiríonn méid an athraithe ar an léarscáil pholaitiúil.
Cosc ar chlár oibre an Uachtaráin
Iarmhairt mhór eile is ea go mbeidh sé beagnach dodhéanta ag an Uachtarán Trump reachtaíocht mhór nua a rith tríd an gComhdháil go ceann an dá bhliain atá fágtha dá théarma. Le tromlach ag na Daonlathaigh sa dá theach, beidh smacht iomlán acu ar an gclár oibre reachtach. Ciallaíonn sé seo go gcuirfear bac le haon iarrachtaí nua chun cánacha a ghearradh nó chun athruithe móra a dhéanamh ar chúram sláinte agus ar rialacháin chomhshaoil gan tacaíocht ón bhfreasúra. Roimhe seo, bhí Trump in ann neamhaird a dhéanamh ar dhá theach na Comhdhála le horduithe feidhmiúcháin. Anois ní bheidh sé chomh héasca é sin a dhéanamh arís.