Tá sé dearbhaithe ag an Teachta Dála Peadar Tóibín go bhfuil sé chun dul i mbun agallamh le SPTÉ de bharr gur ghlac sé páirt in agóid ar Bhóthar Gharbhachaidh chun stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh a bhí beartaithe dul síos an bóthar sin. Dúirt an Teachta Tóibín go mbeidh sé ag déanamh an agallaimh trí Ghaeilge. Bhí ar SPTÉ an t-agallamh a chur siar chun ateangaire Gaeilge a aimsiú.
Bheartaigh Anton Savage ó Newstalk agallamh a dhéanamh le Peadar Tóibín faoi seo. An chéad cheist a chuir an tUasal Savage ar an Thoibín ná ‘An bhfuil tú ag iarraidh cur isteach ar SPTÉ?’ Cén fáth go mbeadh sé ag iarraidh cur isteach ar SPTÉ trí labhairt ina theanga féin. An mbíonn aon eachtrannach a bhíonn ag iarraidh agallamh ina theanga féin leis na póilíní ag ‘cur isteach’ orthu? Ní bhíonn, dar ndóigh.