
Tá ómós á thabhairt ar fud na tíre do Dhónal Lunny, duine de na ceoltóirí agus léiritheoirí ba mhó tionchar ar cheol traidisiúnta na hÉireann le breis agus leathchéad bliain anuas, a bhásaigh Dé hAoine seo caite, an 23 Deireadh Fómhair, in aois 79 bliain. Bhásaigh Lunny in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath…

Bhí Fearghas Mac Lochlainn le bheith ar stáitse ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo, ag glacadh páirte sna comórtais a raibh sé chomh lárnach iontu le blianta fada, ach ina ionad sin tá pobal na Gaeilge ag tabhairt ómóis d’fhear a d’fhág lorg buan ar na glúnta Gael. Bhásaigh Fearghas, arbh…
Tá Cill Airne i gContae Chiarraí ina príomhchathair ag pobal na Gaeilge an tseachtain seo agus Oireachtas na Samhna faoi lán seoil. Meastar go bhfreastalóidh suas le 12,000 duine ar an bhféile cúig lá, ina mbeidh 180 imeacht agus 72 comórtas ar siúl, agus beagnach 1,200 iomaitheoir ag glacadh páirte. Tá na mílte Gael ag…

Bronnadh 53 duais ar scríbhneoirí Gaeilge ag searmanas speisialta i gCill Airne Dé Céadaoin, mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2026, agus Caolán Mac an Aircinn agus John Walsh i measc na mbuaiteoirí móra a fuair duaiseanna €3,000. Ba í Áine Ní Ghlinn, Uachtarán an Oireachtais 2026, a bhronn na duaiseanna ag an searmanas, áit ar…

Bhí ceiliúradh ar éachtaí na meán Gaeilge i gCill Airne oíche Dé Céadaoin nuair a bronnadh 14 ghradam ar iriseoirí, craoltóirí, léiritheoirí agus cruthaitheoirí ábhair ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026. Bhailigh daoine ó gach cearn den tír in Óstán an Gleneagle don searmanas, áit ar tugadh aitheantas don obair a rinneadh i saol na…

Cóilín Duffy ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Tá an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta Cathal Mac Coille tar éis Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 a fháil ag searmanas speisialta i gCill Airne oíche Dé Céadaoin, mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar son na hiriseoireachta agus na craoltóireachta in Éirinn le blianta…

Tá tús nua á chur le scéal an ghrúpa ceoil Gaeilge IMLÉ, a bheidh ag ceiliúradh breis agus deich mbliana ar an bhfód le heisiúint a singil nua, Ná Cuir Glaoch, inniu (an 23 Deireadh Fómhair). Meascán de cheol neamhspleách, rap agus giotár réchúiseach atá san amhrán, a insíonn scéal caidrimh a thosaigh le dóchas…

Tá gearrliosta de 19 n-amhrán fógartha do chomórtas cumadóireachta Gaeilge Amhrán na Laoch 2026, a reáchtáiltear mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh, le tacaíocht ó An Post. Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais duais airgid €2,500, chomh maith leis an deis a amhrán a eisiúint trí lipéad ceirníní Ghael Linn, tacaíocht raidió, meantóireacht ón tionscal ceoil…

Beidh ceiliúradh speisialta ar siúl ag TG4 le linn Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne, agus an stáisiún ag comóradh 30 bliain ó cuireadh tús lena chuid craoltaí ar Oíche Shamhna 1996. Beidh cúig lá de chraoltaí beo, comórtais, seoltaí agus imeachtaí cultúrtha ar siúl ón gCéadaoin, an 28 Deireadh Fómhair, go dtí Dé…
Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair 12:00 CÓR BUNSCOILEComórtas do Dhaoine ÓgaIONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon 13:00 OSCAILT OIFIGIÚIL NA FÉILELéireofar ceol, amhránaíocht agus damhsa ó phlúr na dtaibhealaíontóirí chun tús spleodrach a chur leis an bhféile. Fógrófar torthaí chomórtais liteartha2026 & bronnfar na duaiseanna ar scríbhneoirí na mbuaicshaothar.IONAD: Airéine GLENEAGLE 16:00 LÍNÍOCHT GHREANNÁNCeardlann do…