
Tá ómós á thabhairt ar fud na tíre do Dhónal Lunny, duine de na ceoltóirí agus léiritheoirí ba mhó tionchar ar cheol traidisiúnta na hÉireann le breis agus leathchéad bliain anuas, a bhásaigh Dé hAoine seo caite, an 23 Deireadh Fómhair, in aois 79 bliain.
Bhásaigh Lunny in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath tar éis dó a bheith ag streachailt leis an ailse. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na ngrúpaí ceannródaíocha Planxty, The Bothy Band agus Moving Hearts, a d’athraigh cur i láthair agus fuaim an cheoil thraidisiúnta.
Rugadh Lunny ar an Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí, in 1947, duine de naonúr clainne. Ba as Fear Manach dá athair, Frank, agus as Gaeltacht Dhún na nGall dá mháthair, Mary Rogers.
Bhog an teaghlach go Droichead Nua, Contae Chill Dara, nuair a bhí Dónal cúig bliana d’aois. Is ann a chuir sé aithne ar Christy Moore, agus d’fhorbair cairdeas agus comhpháirtíocht cheoil eatarthu a mhair ar feadh na mblianta.
Sheinn siad le chéile sa ghrúpa The Rakes of Kildare agus ba é Lunny a mhúin na chéad chordaí giotáir do Moore.
Rinne Lunny staidéar ar dhearadh grafach agus ar mhiotalóireacht sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha i mBaile Átha Cliath, ach ba é an ceol a phríomhspéis i gcónaí.
Bhain sé clú amach leis an ngrúpa Emmet Spiceland in 1968, sular ghlac sé páirt in albam Moore, Prosperous, in 1972, in éineacht le Andy Irvine agus Liam O’Flynn. As an gcomhoibriú sin a d’eascair Planxty.
Bhí Lunny lárnach i bhforbairt fuaim shainiúil an ghrúpa, go háirithe trí úsáid nuálach a bhaint as an mbúsúcaí, uirlis a raibh tionchar buan aici ar cheol traidisiúnta na hÉireann dá bharr.
D’fhág sé Planxty in 1974 agus ghlac sé páirt i mbunú The Bothy Band, grúpa a thug fuinneamh agus cur chuige úr don cheol traidisiúnta.
In 1981 bhunaigh sé Moving Hearts le Christy Moore agus ceoltóirí eile, ag meascadh ceol traidisiúnta le rac-cheol agus snagcheol.
Bhí an-tionchar aige mar léiritheoir freisin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Mulligan Records agus d’oibrigh sé le healaíontóirí idirnáisiúnta ar nós Kate Bush, Mark Knopfler agus Clannad.
Aithníodh a shaothar le roinnt gradam, ina measc Gradam Saoil TG4 agus ballraíocht Aosdána. In 2025 bhronn Christy Moore gradam saoil air ag Gradaim Cheoil Tíre RTÉ Raidió a hAon.
Ina ráiteas ómóis dúirt Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, gur duine de mhórcheoltóirí na tíre a bhí ann.
“Ba dhuine de mhórcheoltóirí na hÉireann é Dónal, ceoltóir agus léiritheoir lán le tallann a bhí lárnach sna nóiméid is mó tionchar de chuid cheol na hÉireann le 60 bliain anuas,” a dúirt sí.
Chuir sí síos air mar dhuine croíúil, fáilteach a raibh sé de chumas aige ceangal nádúrtha a chruthú lena lucht éisteachta.
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Shona McCarthy, gur ceoltóir ceannródaíoch a bhí ann a spreag glúnta ceoltóirí trí thraidisiún agus nuálaíocht a thabhairt le chéile.
Beidh sochraid Dhónail ar siúl i Séipéal Pharóiste Naomh Conleth i nDroichead Nua (W12 KT38), Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair.
Iarrtar oraibh bláthanna fiáine na hÉireann, duilleoga an fhómhair agus clocha a thabhairt in áit bláthanna, le bhur dtoil.
Bheadh teaghlach Dhónail fíorbhuíoch dá dtiocfadh le cairde agus le lucht leanúna a bheith leo trí fhéachaint ar an tsochraid ar an tsruthú beo ar a 11 a chlog; tá spás teoranta sa séipéal agus ní bheidh i láthair ach an teaghlach agus dlúthchairde amháin.
Mar chuimhne ar Dhónal, ba mhaith lena theaghlach daoine ar fud an domhain (agus ar an ghealach féin!) a spreagadh le ceol a sheinm agus a roinnt lena gcairde agus lena dteaghlaigh an deireadh seachtaine seo – le ceiliúradh a dhéanamh ar an áthas agus ar an cheangal a chothaigh ceol Dhónail i measc an oiread sin daoine.
Ná bíodh leisce oraibh bhur gcuid focal agus ceoil féin a roinnt leis an haischlib #donallunnyfleadh
Tá leabhar comhbhróin oscailte don phobal anois in ómós do Lunny. Beidh sé ar fáil le síniú in oifigí Chomhairle Contae Chill Dara (W91 X77F) le linn gnáthuaireanta oscailte, agus in Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann, an Phríomhshráid, Droichead Nua (W12 D962), go dtí an 6 Samhain 2026.