Tá ceiliúradh an Oireachtais ar siúl faoi láthair, ina ndéanaimid ceiliúradh ar an nGaeilge.  Ach le cúpla seachtain anuas níl mórán le ceiliúradh faraor i dtaobh bhuiséad na Gaeilge de.  Tá Buiséad 2027 fógartha agus ní bhfuair Údarás na Gaeltachta sa bhreis ach €800,000, agus ní bhfuair TG4 faic sa bhreis, agus seo le buiséad níos mó ná riamh ag an stát. Chomh maith leis sin tá níos lú ná leath de na gardaí sa Ghaeltacht in ann Gaeilge a úsáid.

Ní chreidim nach féidir 47 garda sa bhreis a bhfuil Gaeilge acu a fháil sa stát ar fad. Tá an scoil náisiúnta ar Oileán Chléire gan aon dalta, den chéad uair ó bunaíodh í. Bhí 21,622 duine ina gcónaí ar na hoileáin amach ó chósta na hÉireann in 1926. Anois tá níos lú ná 9,000 iontu, agus an daonra sna 26 contae anois níos mó ná tráth ar bith ó bunaíodh an stát, agus níos daonra na hÉireann trí chéile níos mó ná am ar bith le 150 bliain.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.