Féile Shamhna Laoise ina rath iontach agus beagnach 200 duine ag freastal ar imeachtaí Gaeilge i lár na tíre

Cóilín Duffy i bPort Laoise

D’éirigh thar barr le céad Fhéile Shamhna Laoise a reáchtáladh i bPort Laoise an deireadh seachtaine seo caite, agus beagnach 200 duine ag freastal ar na himeachtaí éagsúla Gaeilge ar feadh trí lá.

Ba é Cumann Gaelach Chontae Laoise, craobh de Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh i mí Eanáir 2026, a d’eagraigh an fhéile, agus bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl idir cheol, scéalaíocht, ceardlanna agus ócáidí sóisialta.

Tháinig Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ó gach cearn de Laois agus ó chontaetha comharsanacha, Cill Dara agus Uíbh Fhailí ina measc, chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.

Ag labhairt di le An Páipéar, dúirt Siobhán Ní Chuinn, Cathaoirleach Chumann Gaelach Chontae Laoise, gur sháraigh an fhéile ionchais an choiste eagraithe.

“Ní raibh muid ag súil go mbeadh sé chomh rathúil sin i ndáiríre. Bhí an t-aiseolas thar a bheith dearfach ó na rannpháirtithe agus dúirt daoine linn go raibh sé go deas an Ghaeilge a chloisteáil go rialta i rith an deireadh seachtaine.

“Bhíomar thar a bheith sásta leis an gcaoi ar éirigh leis na himeachtaí agus leis an tacaíocht a fuaireamar ón bpobal,” a dúirt sí.

Bhí na himeachtaí do pháistí agus do theaghlaigh ar cheann de bhuaicphointí na féile, dar le Ní Chuinn, ar iar-phríomhóide Ghaelscoil Phort Laoise í.

Bhí ceardlann idirghníomhach le Julie Anne de Brún ina hábhar mór áthais di, agus na páistí ag glacadh páirte sa scéalaíocht, sa cheol, san amhránaíocht agus sa damhsa.

“Chuir sé gliondar croí orm na páistí óga agus a dtuismitheoirí a fheiceáil chomh gafa leis an gceardlann. Bhí siad ar fad ag baint taitnimh aisti agus ba léir go raibh siad ag foghlaim na Gaeilge i ngan fhios dóibh féin.

“Tá stíl ar leith ag Julie Anne a chuireann daoine ar a suaimhneas. Déanann siad dearmad ar aon imní a bhíonn orthu faoin nGaeilge agus glacann siad páirt go nádúrtha.”

Bhí ceardlann eile faoin tSamhain leis an scríbhneoir cailiúil Réaltán Ní Leannáin ar siúl freisin, agus bhí an rannpháirtíocht ghníomhach i measc na bpáistí ina cúis mhór sásaimh don lucht eagraithe.

Mhínigh Ní Chuinn go raibh sé mar sprioc ag an gcumann, ó bunaíodh é ag tús na bliana, deiseanna a chruthú do theaghlaigh agus do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna taitneamhacha sóisialta.

Bhí fáilte roimh dhaoine ar gach leibhéal cumais, idir chainteoirí líofa agus dhaoine nach raibh ach cúpla focal acu.

“Bhíomar ag iarraidh ócáid shóisialta a chur ar fáil ina bhféadfadh daoine a gcuid imní faoin nGaeilge a chur ar leataobh agus a muinín a threisiú.

“Rinne gach duine iarracht agus bhí sé iontach an mhuinín sin a fheiceáil ag fás de réir mar a chuaigh an deireadh seachtaine ar aghaidh.”

Chomh maith leis sin bhí caint faoi logainmneacha Laoise ann leis an saineolaí aitiúil Dearbhla Ní Dhuinn, chomh maith le turas treoirithe iontach trí Ghaeilge ar theach Ioma i gcomhphairtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Chríochnaigh an deireadh seachtaine le seisiún ceoil thraidisiúnta, agus ceoltóirí agus amhránaithe ag teacht le chéile chun atmaisféar bríomhar a chruthú.

In ainneoin na drochaimsire tháinig sluaite amach chun tacú leis na himeachtaí, rud a léirigh, dar leis an gcathaoirleach, an t-éileamh atá ar dheiseanna sóisialta Gaeilge sa cheantar.

Ghabh Ní Chuinn buíochas ó chroí le baill choiste an chumainn, na rannpháirtithe agus na heagraíochtaí agus na hionaid a chomhoibrigh leo chun an fhéile a reáchtáil, Ionad Ealaíon Dhún Masc, Oifig na nOibreacha Poiblí, teach tábhairne Thaidhg Óige agus an t-ionad paróiste i bPort Laoise ina measc.

Dúirt sí gur éirigh leis an deireadh seachtaine naisc nua a chruthú idir Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí, agus go raibh caidrimh nua á bhforbairt cheana féin.

Tá súil ag an gcumann tuilleadh imeachtaí a eagrú sna míonna amach romhainn, agus táthar ag breathnú ar dheiseanna timpeall na Nollag agus Sheachtain na Gaeilge.

Leanfaidh na hócáidí Caife agus Comhrá ar aghaidh gach cóicís freisin in Ionad Ealaíon Dhún Masc i bPort Laoise, agus an cumann ag iarraidh cur leis an bpobal Gaeilge atá ag fás i Laois.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.