Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair
Páirc na bPuimcíní
Tearmann Dúlra Úibh Eachach
11 am go meán lae
Beidh deis ag gach duine puimcín a roghnú le tabhairt abhaile agus sníodóireacht a dhéanamh. Beidh ceol, scéalaíocht, bia agus neart eile chun fáilte a chur roimh Shamhain agus oíche Shamhna.
Clárú le https://forms.gle/1bqdJHzm19P4qeUJ6
£3 páiste amháin, £5 do bheirt, £10 teaghlach 5+
Eolas ó cultur@ionadue.org
Ní mór do dhuine fásta a bheith le páistí an t-am ar fad.
Arna eagrú ag Ionad Uibh Eachach
Ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Cheilteach na Samhna
7.30 pm go deanach san oíche
Clubtheach CLG Dea-Chomhairle, Gaeil na Life, D12 AX61
7.30 go 8.30 pm: Ceardlann Chruthaitheach Masc as Gaeilge agus as Béarla le Sinéad Ní Chofaigh Is gá áit a chur in áirithe don cheardlann. Ticéid €5 ar Eventbrite ag an nasc seo, https://ceardlannmasc.eventbrite.ie)
8.30 go 9.20 pm: Caint dhátheangach ón údar agus léachtóir Réaltán Ní Leannáin ar stair agus ar thraidisiúin ársa fhéile na Samhna.
9.20pm ar aghaidh: Tob-Ghaeltacht na Masc le ceol beo.
Bí ann le haghaidh oíche rúndiamhrach le ceol agus craic. An aithníonn tú do chairde Gaeil faoi choim a masc Samhna? Fáilte roimh bhréagfheisteas na Samhna ar ndóigh!
Taispeántas masc maisithe a rinne páistí Bhunscoil Dhroimeanach i rith na hOíche.
Arna eagrú i gcomhar le Dynamic Drimnagh, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Áras Inse Chór agus CLG na Dea-Chomhairle, Gaeil na Life mar chuid den tsraith imeachtaí ar Bhliain na gCeilteach.
Dé Sathairn an 31 Deireadh Fómhair
Ceardlanna Oíche Shamhna le Julie Anne de Brún!
10 go 11 am, leanaí ó bhreith go 3 bliana d’aois
11.30 am go 12.30 pm, páistí idir 4 agus 8 mbliana d’aois
Áras Inse Chór, Baile Átha Cliath 8
Costas €5 an páiste nó €10 an teaghlach.
Eolas agus clárú le tara@glornangael.ie
Ranganna Gaeilge ar rothair leictreacha le Joe McHugh sna Dúnaibh
10 am
Eolas ag Mairead 087 2855558
Arna eagrú ag Tuaisceart Dhún na nGall
Éisteachtaí oscailte le haghaidh sheó na Nollag
In oiriúint do pháistí 8 go 13 bliana d’aois
10 am go meán lae
Mick Lally Theatre, Cathair na Gaillimhe
Seal ag canadh
Do pháistí 0 go 4 bliana d’aois
11.30 go meán lae
Leabharlann Chaisléan Uidhilín
Arna eagrú ag Glór Uachtar Tíre
Leabhar agus Lego
Do pháistí bunscoile 4 go 8 mbliana d’aois
Meán lae go 12.30 pm
Leabharlann Chaisléan Uidhilín
Arna eagrú ag Glór Uachtar Tíre
Club Leabhar
Páirc Fheilímí le Máire Dinny Wren
Meán lae go 2 pm
12 meáb Club Leabhar
1 pm biongó
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Arna eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Dé Domhnaigh an 1 Samhain
Cóisir Oíche Shamhna
Ealaín, cluichí, feistis bréige agus scéalaíocht
11 am go 1 pm
Halla CLG Mungairit, Luimnigh, V94 A062
Maoirseacht an chaomhnóra ag teastáil
Clarú ag www.comhluadarlluimnigh.ie
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh
Ceardlann Gaeilge Saor in Aisce
5 pm am na hÉireann, meán lae am an oirthir
Ar Zoom
Ceardlann do gach leibhéal Gaeilge.
Clarú le www.letslearnirish.com/freeworkshop
Arna eagrú ag Let’s Learn Irish
Dé Máirt an 3 Samhain
Searmanas simplí
11 am
Reilig Lann Léire, Co. Lú
An tAthair Lorcán Ó Muirí (1883 – 1941), sagart, scoláire agus staraí.
Bhunaigh Lorcán Ó Muirí Comhaltas Uladh sa bhliain 1926 agus bhunaigh sé Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, sa bhliain chéanna.
Leagfar bláthfhleasc mar chomhartha omóis ar a uaigh ag reilig Shéipéal Bhríde.
Tráthnóna le Molly Nic Céile, Údar Gaeilge i mo Chroí ag labhairt faoina leabhar nua Gaeilge inár Saol
7.30 pm
Himalyan Café, Leitir Ceanainn
Eolas agus clárú ag https://lionralc.ie/product/trathnona-le-molly-nic-ceile/
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn
Dé Céadaoin an 4 Samhain
Scéalaí ar Champas le Máirín Mhic Lochlainn
2 go 3 pm
Seomra na Gaeilge, Áras na dTeangacha, LCO-16, Ollscoil Luimnigh
Mar chuid de Feile IMRAM
Caint agus cniotáil
3 pm gach Céadaoin
Scoil an Choimín, F93CF67
Eolas ag 087-2703420
Arna eagrú ag Cumann Forbartha an Choimín
Déardaoin an 5 Samhain
Seoladh irisín Cad é an Ghaeilge ar POPPERS?
6 pm
Photo Museum Ireland, Barra an Teampaill, BÁC.
Seolfar irisín grianghraf a ghlac Elena Horgan de phobal aiteach na Gaeilge le dhá bhliain anuas agus tráchtaireacht ar an bpobal ó Tonie Walsh, Eoin Mc Evoy, Pádraig Ó Cuinneagáin, Patricia Ní Bhroin agus Robbie Irwin. Dearadh le Ciara Wade agus eagarthóireacht le Conall Ó Duibhir. Clárú ag https://www.tickettailor.com/events/photomuseumireland/2438546
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
Dé hAoine an 6 Samhain
MÚSAEM NA nGRÉIBHLÍ
Éist le scéalta SCANRÚLA spreagtha ag nithe aisteacha sa mhúsaem, á léamh ag DAITHÍ Ó MUIRÍ, le ceol scáfar ón gceoltóir FERGUS KELLY.
7 pm agus 8 pm
Museum of Curiosities, 35 Pembroke Street, Dublin 2
Cead isteach €15/12
Clárú ag www.imram.ie
Imeacht de chuid Imram i gcomhar le Féile Leabhar Baile Átha Cliath
Club ceardaíochta, 6 cheardlann
Oiriúnach do theaglaigh agus leanaí bunscoile 6+
3.30 go 4.30 pm
Ionad Pobail Bhaile an Sceilg
Cláraigh le Marie ag 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Ceardlann ar an gcartlannú Aiteach le Tonie Walsh
5.30 pm
Ionad LADTA+ Outhouse, BÁC.
Sa cheardlann dhátheangach seo, déanfaidh an gníomhaí pobail agus bunaitheoir Chartlann Aiteach na hÉireann, Tonie Walsh, cur i láthair ar Chartlann Aiteach na hÉireann agus cuid de na hábhair Ghaeilge atá inti, agus ansin labhróidh sé maidir leis na prionsabail a bhaineann leis an gcartlannú agus cleasanna agus straitéisí a mholfadh sé féin le haghaidh na hoibre sin.
Clárú: https://www.eventbrite.ie/e/ceardlann-ar-an-gcartlannu-aiteach-le-tonie-walsh-tickets-2002333616749
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach