Tá athrú meoin i leith na Gaeilge le sonrú ar fud na hÉireann agus níos mó daoine ag iarraidh filleadh ar an teanga, dar leis an Uachtarán Catherine Connolly, a rinne oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Céadaoin seo caite.
Ag labhairt di ag an searmanas oscailte, dúirt an tUachtarán gur thug sí faoi deara, agus í ag taisteal ó cheann ceann na tíre, go bhfuil daoine ag éirí níos muiníní as an nGaeilge a úsáid agus go bhfuil tuiscint níos fearr acu gur le gach duine sa tír í.
“Feicim an iarracht atá á déanamh ag daoine an Ghaeilge a labhairt liom,” a dúirt sí, agus í ag tagairt dá cuairteanna ar fud na tíre.
“Tá cloiste agam ó dhaoine éagsúla go bhfuil siad ar bís teacht ar ais chuig an nGaeilge, go bhfeiceann siad anois gur leo ár dteanga féin. Gur teanga na tíre uile í, teanga bheo nach bhfuil á coinneáil i seilbh aon ghrúpa ar leith ach ar fáil do chách.”