Tá Cill Airne i gContae Chiarraí ina príomhchathair ag pobal na Gaeilge an tseachtain seo agus Oireachtas na Samhna faoi lán seoil. Meastar go bhfreastalóidh suas le 12,000 duine ar an bhféile cúig lá, ina mbeidh 180 imeacht agus 72 comórtas ar siúl, agus beagnach 1,200 iomaitheoir ag glacadh páirte.
Tá na mílte Gael ag triall ar Chill Airne ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin, agus na hóstáin, na bialanna agus na tithe tábhairne ag fáiltiú roimh lucht na féile. Is sna hóstáin Gleneagle agus Brehon atá croílár na n-imeachtaí, agus seo an 11ú huair ó 2010 a bheidh an tOireachtas ar siúl sa bhaile.
Ba í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheol an fhéile go hoifigiúil Dé Céadaoin, ag ócáid speisialta in Óstán an Gleneagle, áit a raibh ceol, amhránaíocht agus damhsa mar chuid den cheiliúradh.
Tá an tOireachtas ag filleadh ar Chiarraí i ndiaidh fhéile rathúil Bhéal Feirste anuraidh, agus tá an deis ag muintir na Mumhan fáilte a chur roimh phobal na Gaeilge arís.
Ní gá dul isteach in aon halla comórtais chun a thuiscint go bhfuil rud éigin speisialta ar siúl. Tá canúintí éagsúla le cloisteáil sna conairí, sna hardaitheoirí agus timpeall na mbord bricfeasta. Tá seanchairde ag bualadh lena chéile den chéad uair le bliain agus glúin nua Gael ag fáil a gcéad bhlaiseadh den fhéile.
Cuireadh tús leis na comórtais ardáin Déardaoin, agus páistí óga i mbun agallaimh bheirte, lúibíní agus aithriseoireachta. Leanfaidh na comórtais ar aghaidh go dtí Dé Sathairn, agus amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós i measc na bpríomhimeachtaí.
Beidh comórtas Shean-Nós na mBan ar siúl tráthnóna Déardaoin agus comórtas Shean-Nós na bhFear Dé hAoine, sula dtiocfaidh ceann de bhuaicphointí na féile, Corn Uí Riada, ar an Satharn ag 7.15pm.
Den chéad uair riamh, craolfar Corn Uí Riada beo ar TG4, chomh maith leis an gcraoladh traidisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá cúis cheiliúrtha eile ann i mbliana agus TG4 ag comóradh 30 bliain ar an aer ar Oíche Shamhna. Beidh ócáid speisialta ar siúl Dé Sathairn, agus seolfar TG4+, leagan nua de sheinnteoir an stáisiúin, chomh maith leis an dara sraith den dráma coireachta CRÁ.
Ní comórtais amháin atá ar chlár na seachtaine, áfach. Tá Aonach an Oireachtais, seoltaí leabhar, ceardlanna, díospóireachtaí agus imeachtaí teaghlaigh ag cur go mór leis an bhféile.
Tá cúrsaí polasaí teanga ar an gclár freisin, agus Plean Straitéiseach 2026–2030 Údarás na Gaeltachta le seoladh ag an Aire Dara Calleary Déardaoin.
Bhí aitheantas á thabhairt do lucht na meán Gaeilge oíche Dé Céadaoin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, áit ar bronnadh Buaicghradam Cumarsáide ar an iriseoir agus craoltóir Cathal Mac Coille.
Ach nuair a thagann deireadh le himeachtaí foirmiúla an lae, leanann an ceiliúradh ar aghaidh. Bíonn seisiúin cheoil, amhránaíocht agus comhráite fada sna tithe tábhairne agus sna hóstáin, agus an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha go dtí uaireanta beaga na maidine.
Bunaíodh an tOireachtas in 1897, nuair nach raibh ach naoi gcomórtas ar chlár féile leathlae i mBaile Átha Cliath. Beagnach 130 bliain níos déanaí, tá sé ar cheann de na hócáidí cultúrtha Gaeilge is mó sa tír.
Agus cé go mbeidh buaiteoirí nua á gcorónú ar na hardáin i gCill Airne an deireadh seachtaine seo, is é an comhluadar, an cairdeas agus beocht na Gaeilge a mheallann na mílte ar ais bliain i ndiaidh bliana.