
Bhí Fearghas Mac Lochlainn le bheith ar stáitse ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo, ag glacadh páirte sna comórtais a raibh sé chomh lárnach iontu le blianta fada, ach ina ionad sin tá pobal na Gaeilge ag tabhairt ómóis d’fhear a d’fhág lorg buan ar na glúnta Gael.
Bhásaigh Fearghas, arbh as an Raghnallach i mBaile Átha Cliath ó dhúchas dó agus a raibh cónaí air sa Spidéal i gConamara, gan choinne Dé Luain, an 26 Deireadh Fómhair.
Bhí sé le páirt a ghlacadh i roinnt comórtas ag an Oireachtas, ina measc amhrán nuachumtha, lúibíní, agallamh beirte agus sceitse.
Dúirt iarstiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, le An Páipéar go raibh tionchar as cuimse ag Fearghas ar shaol na Gaeilge agus ar na healaíona traidisiúnta teangabhunaithe.
“Tá an scéal an-bhrónach ar fad. Fear a bhí lárnach san Oireachtas agus in obair an Oireachtais le blianta fada,” a dúirt sé.
Cé gur mheas Fearghas féin gur i lár na 1980í a thosaigh sé ag freastal ar an Oireachtas, dúirt Ó Maolaodha gurbh é 1990 an chéad bhliain ar aimsigh sé a ainm i gclár na féile.
Bhuaigh Fearghas comórtas na lúibíní in 1992 in éineacht le Seáinín Chonaill na bhFadó agus Séarlas Carlin.
Chaith sé tréimhse i Ráth Chairn tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir, áit ar chothaigh sé cairdeas le hÉamon Ó Dónaill agus le daoine eile a raibh baint acu leis na lúibíní agus na hagallaimh bheirte.
Thug sé an traidisiún sin leis go Conamara nuair a ceapadh ina phríomhoide ar Scoil Sailearna é, áit ar spreag sé na céadta páistí chun suim a chur sna healaíona sin.
“Léiríonn sé ar bhealach an chumhacht atá ag an duine aonair má thugann siad faoi rud i gceart agus má bhíonn siad tiomanta chuige,” a dúirt Ó Maolaodha.
Mhínigh sé gur scríobh Fearghas scripteanna gearra a bhí oiriúnach do pháistí scoile agus gur ullmhaigh sé iad do chomórtais an Oireachtais agus d’fhéilte eile.
Mheabhraigh Ó Maolaodha freisin ócáid scoir Fhearghais, nuair a chuaigh cumas na bpáistí a bhí ar stáitse i bhfeidhm go mór air.
“Bhí an t-ábhar a bhí acu go maith, bhí an cur i láthair iontach,” a dúirt sé, agus é ag míniú gur bhain Fearghas an-sásamh as an moladh a tugadh do na páistí.
Bhí Fearghas an-ghníomhach i gcúrsaí spóirt freisin, go háirithe sa liathróid láimhe, agus chaith sé na blianta ag spreagadh daoine óga chun páirt a ghlacadh sa spórt.
“Tá ár gcomrádaí dílis ar lár!” a dúirt Cumann Liathróid Láimhe Mhícheál Breathnach i ráiteas ómóis.
“Bhí Fearghas dochreidte leis an méid a rinne sé ar son liathróid láimhe,” a dúirt an cumann, agus é ag tagairt dá chuid oibre ag eagrú comórtais bunscoile agus ag cothú an spóirt ar fud na tíre.
“Chreid sé sa spraoi i dtosach, comórtas ar chúl,” a dúirt an cumann, a mhol a dhíograis agus an tacaíocht a thug sé d’imreoirí óga.
Dúirt bainisteoir fhoirne peile faoi 17 agus faoi 19 Chumann Mhícheál Breathnach, Tómás Ó Neachtain, le An Páipéar go bhfuil Fearghas i gcuimhne na n-imreoirí agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais Chonnacht anocht.
“Ba laoch é, duine a bhí ag tabhairt tacaíochta dá chlann agus dá cheantar ag an am céanna,” a dúirt sé.
“Táimid uilig ag smaoineamh orthu ag an am seo,” a dúirt sé agus é ag tagairt do mhuintir Fhearghais.
Maireann a bhean chéile, Bríd, agus a n-iníon, Anna, chomh maith lena dheartháireacha, a dheirfiúracha agus a mhuintir fhairsing.
Léifear Aifreann na Sochraide i gCill Éinde ag meán lae inniu (Dé hAoine) agus cuirfear i Reilig an Choilligh é ina dhiaidh sin.
Déanfaidh Cumann Liathróid Láimhe Mhícheál Breathnach garda onóra ag an séipéal maidin Dé hAoine mar aitheantas ar a shaothar.
Iarrtar bláthanna ón teaghlach amháin, ach is féidir síntiúis a thabhairt d’Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI).