Cóilín Duffy ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne
Tá an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta Cathal Mac Coille tar éis Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 a fháil ag searmanas speisialta i gCill Airne oíche Dé Céadaoin, mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar son na hiriseoireachta agus na craoltóireachta in Éirinn le blianta fada.
Bhí Mac Coille, a chaith tréimhsí fada le RTÉ agus TG4, i measc na ndaoine ar tugadh aitheantas dóibh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, a reáchtáladh mar chuid d’Oireachtas na Samhna.
Ag labhairt dó le An Páipéar roimh an searmanas, dúirt Mac Coille go raibh an gradam ina ábhar mór sásaimh dó, cé nach n-athródh sé an cur chuige a bhíonn aige ina chuid oibre.
“Ní athraíonn aitheantas nó gradam é sin ar aon chor, mar tá sé chomh tábhachtach go ndéanfá an jab go maith, nó chomh maith agus is féidir a dhéanamh, gach uair,” a dúirt sé.

Chuir sé an gradam i gcomparáid leis an sásamh a bhaineann le moladh a fháil ó léitheoir a bhain taitneamh as colún dá chuid.
“Is breá leat é seo a chloisteáil. Is ionann é seo agus an focal molta sin, ach faoi mhíle nó cúpla míle.”
Ag breathnú siar ar a ghairm bheatha, luaigh sé Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998 mar cheann de na hócáidí ba shuntasaí ar thug sé tuairisc orthu.
Bhí sé i mBéal Feirste mar chomhfhreagraí polaitíochta TG4 nuair a síníodh an comhaontú agus dúirt sé gur phribhléid mhór a bhí ann a bheith i láthair ag ócáid chomh stairiúil.
Luaigh sé freisin dúnadh mhonarcha Waterford Crystal i bPort Láirge, agus an tionchar tubaisteach a bhí aige sin ar na hoibrithe agus ar an gcathair.
Bhí sé ag obair ar Morning Ireland nuair a thug sé cuairt ar na hoibrithe a bhí i mbun agóide sa mhonarcha. Dúirt sé gur fhan an scéal sin ina chuimhne, go háirithe nuair a tháinig dóchas nua chun cinn le hathbheochan na déantúsaíochta gloine sa chathair.
Maidir le forbairt na meán Gaeilge, dúirt Mac Coille go raibh tionchar suntasach ag TG4 ar an gcaoi a gcaitheann eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha leis an teanga.
Dar leis, chothaigh an stáisiún tuiscint gur cheart go mbeadh urlabhraí le Gaeilge ar fáil ag eagraíochtaí stáit, páirtithe polaitíochta agus cumainn spóirt.
“Thaispeáin sé do dhaoine, féach, tá an doras oscailte agus ba mhaith linn labhairt libh,” a dúirt sé.
Mhol sé Gradaim Chumarsáide an Oireachtais as aitheantas a thabhairt don ardchaighdeán san earnáil agus as daoine eile a spreagadh chun a gcuid oibre a fheabhsú.
Dúirt sé go bhfuil dualgas ar iriseoirí agus ar chraoltóirí ábhar fírinneach, fiúntach, suimiúil agus soiléir a chur ar fáil don phobal.
“Ba chóir go mbeadh an caighdeán ag ardú agus á ardú againn ar fad, an t-am ar fad, mar tá sé sin tuillte ag na léitheoirí agus ag an lucht féachana.”
Cé go bhfuil sé dóchasach faoi leathnú lucht féachana agus léitheoireachta na Gaeilge, d’admhaigh sé go bhfuil éiginnteacht mhór ann maidir le todhchaí na meán clóite.
Dúirt sé go bhfuil níos mó deiseanna ann anois do dhaoine dul i dteagmháil le hábhar Gaeilge, fiú mura léann siad foilseacháin nó mura bhféachann siad ar chláir go rialta.
“Tá an gréasán féidearthachta á leathnú an t-am ar fad,” a dúirt sé, ach thug sé le fios nach féidir neamhaird a dhéanamh den laghdú ar dhíolacháin na meán clóite.
Bhí moladh ar leith aige d’Oireachtas na Samhna mar ócáid a thugann Gaeilgeoirí ó gach cearn den tír le chéile.
“Níl a leithéid de rud agus pobal na Gaeilge ann. Tá pobail na Gaeilge ann,” a dúirt sé, agus é ag tagairt don éagsúlacht atá le feiceáil ag an bhféile.
Dar leis, tugann an tOireachtas deis eisceachtúil do na pobail sin teacht le chéile agus ceangal a chothú nach mbíonn ar fáil dóibh i rith na bliana.
Agus é ag glacadh leis an aitheantas mór seo, bhí teachtaireacht shoiléir ag Mac Coille dá chomhghleacaithe san iriseoireacht: nach leor gradam ná moladh amháin, ach go gcaithfear an chéad scéal eile a dhéanamh chomh maith agus is féidir.