Bhí ceiliúradh ar éachtaí na meán Gaeilge i gCill Airne oíche Dé Céadaoin nuair a bronnadh 14 ghradam ar iriseoirí, craoltóirí, léiritheoirí agus cruthaitheoirí ábhair ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026.
Bhailigh daoine ó gach cearn den tír in Óstán an Gleneagle don searmanas, áit ar tugadh aitheantas don obair a rinneadh i saol na teilifíse, an raidió, na hiriseoireachta agus na meán digiteach le bliain anuas.
Ba é an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a bhronn na gradaim, agus Uachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn, i láthair freisin.
Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt an tAire Calleary gur cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge agus leag sé béim ar an ról tábhachtach atá ag na meáin Ghaeilge i saol na tíre.