
Bronnadh 53 duais ar scríbhneoirí Gaeilge ag searmanas speisialta i gCill Airne Dé Céadaoin, mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2026, agus Caolán Mac an Aircinn agus John Walsh i measc na mbuaiteoirí móra a fuair duaiseanna €3,000.
Ba í Áine Ní Ghlinn, Uachtarán an Oireachtais 2026, a bhronn na duaiseanna ag an searmanas, áit ar tugadh aitheantas do shaothair scríbhneoirí seanbhunaithe agus do ghlúin nua údair óga.
Bhain Caolán Mac an Aircinn, as Baile Átha Cliath, an chéad duais sa chomórtas úrscéalaíochta lena shaothar An Fear Dearg, agus bronnadh €3,000 air. Bhí rath ar leith air i gcomórtais eile freisin, agus duaiseanna faighte aige sa ghearrscéalaíocht agus san fhilíocht.
Fuair John Walsh, as Gaillimh, €3,000 as Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926, a bhuaigh gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana, urraithe ag TG4.
Bhí 31 comórtas ar chlár na bliana seo, 17 acu dírithe ar scríbhneoirí fásta agus 14 cinn eile ar scríbhneoirí óga. Bhí réimse leathan seánraí i gceist, idir úrscéalta, gearrscéalta, fhilíocht, iriseoireacht, dhrámaíocht agus ghreannáin.
I measc na mbuaiteoirí eile bhí Fiona Crowe, as Corcaigh, a ghnóthaigh €2,000 dá saothar Oisín i dTír na nÓg – An Ré Nua, agus Bridie Ní Chonghaile Uí Chonámha, as Ros Muc, a bhuaigh €2,000 lena saothar Séimí.
Bhain Laoighseach Ní Choistealbha, as Contae na Gaillimhe, duais €1,500 sa chomórtas cnuasaigh filíochta lena saothar Éiric na Seirce.
Bhí Alan Titley i measc na mbuaiteoirí freisin, agus duaiseanna faighte aige sa chomórtas dráma raidió agus sa chomórtas scéalaíochta do dhéagóirí.
D’éirigh go maith le scríbhneoirí óga as ceantair Ghaeltachta, go háirithe i gConamara agus i nDún na nGall, agus duaiseanna buaite acu i gcomórtais próis, filíochta agus iriseoireachta.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, gur léiriú iad na torthaí ar neart na scríbhneoireachta Gaeilge.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí ar fad a thug leo duaiseanna liteartha inniu,” a dúirt sí.
“Is léiriú é caighdeán na saothar ar an mborradh atá faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge i measc an uile aoisghrúpa.”
Ghabh sí buíochas freisin leis na hurraithe a chuireann maoiniú ar fáil do na comórtais gach bliain.
Tá na comórtais liteartha ar cheann de na gnéithe is sine d’Oireachtas na Gaeilge, a bunaíodh in 1897 chun litríocht agus taibhealaíona na Gaeilge a chur chun cinn.
Tá Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain, Nuala Ní Dhomhnaill agus Joe Steve Ó Neachtain i measc na scríbhneoirí iomráiteacha a bhuaigh duaiseanna sna comórtais thar na blianta.
Leanfar den cheiliúradh liteartha i gCill Airne an tseachtain seo, le seoltaí leabhar, seimineáir agus ócáidí eile mar chuid de chlár na féile.
Tá na comórtais fós ag tabhairt ardáin do scríbhneoirí Gaeilge ar fud na tíre agus thar lear, agus deis á cruthú acu do ghlúin nua a gcuid saothar a chur os comhair an phobail.
Liosta iomlán na mbuaiteoirí
Comórtais do dhaoine fásta
| Comórtas | Buaiteoir agus duais |
| Úrscéal | 1. Caolán Mac an Aircinn – €3,000; 2. Thaddeus Ó Buachalla – €1,000 |
| Ficsean do dhaoine óga (9/10–12) | 1. Fiona Crowe – €2,000; 2. Marie Whelton – €750 |
| Ficsean do dhaoine óga (13–15) | 1. Bridie Ní Chonghaile Uí Chonámha – €2,000; 2. Orna Ní Choileáin – €750 |
| Saothar próis | Éadaoin Ní Mhuircheartaigh – €1,250 |
| Buaic-Shaothar Próis na Bliana | John Walsh – €3,000 |
| Cur chun cinn na Gaeilge | Aindrias Ó Cathasaigh – €1,000 |
| Gearrscéal | 1. Joe Phádraic Ó Fátharta – €500; 2. Caolán Mac an Aircinn – €250 |
| Scéal do dhéagóirí | Alan Titley – €500 |
| Dán | Caolán Mac an Aircinn – €400 |
| Cnuasach filíochta | Laoighseach Ní Choistealbha – €1,500 |
| Dráma raidió | 1. Alan Titley – €1,250; 2. Brian Ó Tiomáin – €750; 3. Seán Ó hUallacháin – €500 |
| Dráma aonghnímh | 1. Cathal Ó Catháin – €1,250; 2. Hannah Ní Chonghaile – €750; 3. Máire Clár Nic Mhathúna – €500 |
| Drámaíocht – Cuimhneachán Aoidh Uí Rua irc | Ray Mac Mánais – €400 |
| Drámaíocht – Cuimhneachán Carmel Ní Bholguidhir | Siobhán Ní Mhuimhneacháin – €400 |
| Drámaíocht – Cuimhneachán Dhonncha Uí Shúilleabháin | Níor bronnadh duais |
| Saothar spioradálta | Tadhg Ó Dúshláine – €1,000 |
| Iriseoireacht | 1. Vivian Uíbh Eachach – €500; 2. Áine Durkin – €300; 3. Sophie Conmara – €200 |
| Iriseoireacht faoi 30 | Storm Eaton-Kilgallen – €500 |
Comórtais do dhaoine óga
| Comórtas | Buaiteoir agus duais |
| Greannán – Rang 3 | 1. Cuan Ó Conaola – €75; 2. Ríona Ní Mhonacháin – €50 |
| Greannán – Rang 4 | 1. Rowan Ó Cuileann – €75; 2. Éilín Nic Giolla Iasachta Jacob – €50 |
| Greannán – Rang 5 | 1. Rúairí Ó hAonghusa – €75; 2. Síona Ní Bhaoighill – €50 |
| Greannán – Rang 6 | 1. Emerson Ó Fátharta – €75; 2. Michéal Ó Catháin agus Rian Ó Loingsigh – €50 |
| Script ghearrscannáin nó greannán – Blianta 1–3 | 1. Méabh Ní Cholmáin – €150; 2. Danu Ní Bhaoighill – €100 |
| Script ghearrscannáin nó greannán – Blianta 4–6 | 1. Seán Ó Meadhra – €150; 2. Manus Ó Baoighill – €100 |
| Prós faoi 18 | 1. Emma Ní Churraoin – €300; 2. Cóil Mac Con Iomaire – €200 |
| Iriseoireacht faoi 18 | 1. Jack Ó Maoláine – €200; 2. Aiyanna Nic Suibhne Mildner – €100 |
| Ficsean faoi 18 | 1. Diarmaid Mac Réamoinn – €200; 2. Caitríona Ní Raifeartaigh – €100 |
| Filíocht faoi 18 | 1. Diarmaid Mac Réamoinn – €200; 2. Diarmaid Mac Réamoinn – €100 |
| Prós – mic léinn fochéime | Níor bronnadh duais |
| Iriseoireacht – mic léinn fochéime | 1. Sophie Nic Giolla Phádraig – €200; 2. Neans Nic Dhonncha – €100 |
| Ficsean – mic léinn fochéime | 1. Eibhlín Ní Ghallachóir – €200; 2. Pól Ó hÍomhair – €100 |
| Filíocht – mic léinn fochéime | 1. Muiris Ó Clochartaigh – €300; 2. Barra Mac Eochaidh – €200 |