‘Oireachtas na hEorpa’ le ceiliúradh a dhéanamh ar 1,500 bliain de cheangal na Gaeilge leis an Eoraip

Beidh mórócáid chultúrtha Ghaeilge ar siúl sa Bhruiséil i mí na Nollag mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus é mar aidhm aici stair 1,500 bliain de cheangal na nGael leis an Eoraip a cheiliúradh.

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go mbeidh Oireachtas na hEorpa – Glórtha Gael ag Treisiú Ceangal 1500 Bliain ar siúl in Albert Hall sa Bhruiséil Déardaoin, an 3 Nollaig 2026.

Tá an ócáid á heagrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhar le hAn tOireachtas, atá freagrach as an gclár cultúrtha a léiriú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.