Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair
9:30 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (A)
Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
9:30 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (E)
Iomaitheoirí atá 13 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (A)
Iomaitheoirí atá faoi 5 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (D)
Iomaitheoirí atá 8 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (G)
Iomaitheoirí atá 11 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
9:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (I)
Iomaitheoirí atá 13 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
9:30 CORN CUIMHNEACHÁIN SHEÁIN ÓIG UÍ THUAMA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná faoi 35
IONAD: An Bálsheomra, GLENEAGLE
10:00 – 17:00 AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An tIonad Fóillíochta
10:30 CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS MHÚSCRAIGHE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir faoi 35
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
10:45 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (B)
Iomaitheoirí atá 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
10:45 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (F)
Iomaitheoirí atá 14 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
10:45 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (J)
Iomaitheoirí atá 14-15 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
11:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (B)
Iomaitheoirí atá 6 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
11:00 CÚRSAÍ AG AN OIREACHTAS 1987-1989
Tá taighde ar siúl ag Gaois faoi láthair ar an gclár teilifíse aitheanta Cúrsaí (1986-1995) i gcomhar le Cartlann RTÉ, atá tar éis digitiú a dhéanamh ar an gclár. Cuirfear an taighde i láthair go hacomhair agus taispeánfar scoth an ábhair a craoladh le linn Oireachtas 1987 sa Daingean agus Oireachtas 1989 i nGleann Cholm Cille.
Arna eagrú ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
11:00 MÓRSHEOLADH LEABHAR
Seolfar Hata Oisín le hUachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn, Fite Fuaite san Fharraige le Sinéad Ní Scolaí Bilal agus Cócó le hÁine Uí Fhoghlú.
Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR
IONAD: Aonach an Oireachtais
11:00 ALLAGAR NA hAOINE
Caint agus comhrá le Toose Mac Gearailt
Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
IONAD: Beár Badb, Óstán Brehon
12:00 SCÉALTA NUA Ó GAOIS.IE
Faigh amach faoina bhfuil déanta ag grúpa taighde Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) le bliain anuas agus faoina bhfuil beartaithe do 2027. Luafar na forbairtí is nua ar Canúint.ie, Corpas.ie, Logainm.ie, Téarma.ie, Ainm.ie agus Dúchas.ie. Cuirfear píosaí taighde ar a bhfuil an fhoireann ag obair i láthair go hachomair. Cuifear fáilte roimh mholtaí feabhais agus roimh cheisteanna ón lucht éisteachta.
Arna eagrú ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
12:00 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (C)
Iomaitheoirí atá 11 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
12:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (C)
Iomaitheoirí atá 7 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
12:00 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (G)
Iomaitheoirí atá 15 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
12:00 SEISIÚN EOLAIS
Sintéis Cainte agus Guthanna Nua ABAIR. (abair.ie)
Arna eagrú ag an tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie)
IONAD: Aonach an Oireachtais
12:08 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
An Saol ó Dheas á chur i láthair ag Edel Ní Loibhéad
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Lobbaí, GLENEAGLE
12:15 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (E)
Iomaitheoirí atá 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
12:30 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (K)
Iomaitheoirí atá 16-17 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
13:00-15:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samha.
Arna chraoladh ar Raidió na Life 106.4 FM & www.raidionalife.ie agus Raidió Fáilte 107.1 FM & www.raidiofailte.com
IONAD: An Nead, An Lobbaí, GLENEAGLE
13:30 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (D)
Iomaitheoirí atá 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
14:00 LÚIBÍNÍ
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
14:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (F)
Iomaitheoirí atá 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:00 DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (H)
Iomaitheoirí atá 16-17 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
14:00 AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (H)
Iomaitheoirí atá 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:00 LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN: AG CEILIÚRADH SCÉALTAÍ SAIBHRE DO PHÁISTÍ
Taispeántas den litríocht is fearr do pháistí agus do dhaoine óga. Cuirfear saothar oibre Leabhair Pháistí Éireann chun cinn agus míneofar na bealaí gur féidir leo tacú le léitheoirí óga agus a dteaghlaigh, scoileanna, leabharlanna agus siopaí leabhar.
CAINTEOIRÍ: Patricia Forde, Laureate na nÓg 2023–2026 agus Selma Ćatibušić
Arna eagrú Leabhair Pháistí Éireann i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, le tacaíocht as an bhfeachtas Love Leabhair Gaeilge
IONAD: Aonach an Oireachtais
14:00 ÚSÁID FOCLOIR.IE AGUS TEANGLANN.IE
Cur i láthair ina dtaispeánfar conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie. Beidh béim ar leith sa seisiún seo ar shuíomh nua foclóir.ie agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge a seoladh ag deireadh na bliana seo caite. Beidh seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge.
Tae agus caife ar fáil.
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:30 CORN MHÁIRE NIC DHONNCHADHA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná os cionn 35
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
14:30 CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS CHONAMARA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir os cionn 35
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
14:30 – 16:00 CEARDLANN PHOIBLÍ: AN DLÍ AGUS CAOMHNÚ ÁR dTIMPEALLACHT
CATHAOIRLEACH: An Breitheamh Paul Kelly, Uachtarán na Cúirte Dúiche
CAINTEOIRÍ:
Clíona Kimber, Abhcóide Sinsearach;
Cárthach Ó Faoláin, Abhcóide;
Fionnuala Ní Dhúgáin, Abhcóide;
Fiachra Ó Cochláin, Aturnae.
Is féidir clárú anseo: An Dlí agus Caomhnú ár dTimpeallachta
Arna eagrú ag Cumann Barra na Gaeilge
IONAD: Teach na Cúirte, Cill Airne V93 YE27
15:00 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
15:00 MEITHEAL IMRAM
CRUTH NUA: Foirmeacha nua i litríocht na Gaeilge
Splancfhicsean; rap agus filíocht ó bhéal; litríocht a shaothraíonn an fearann idir ficsean agus stair; cur i láthair agus úsáid na meáin shóisialta – beidh seo á phlé ag Máire Ní Annracháin, Eoin P. Ó Murchú, Ciara Ní É agus Cathal Póirtéir.
Arna eagrú ag IMRAM
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE
15:00 SEOLADH LEABHAIR
An spórt agus an réabhlóid in Éirinn le Cathal Billings agus Paul Rouse á sheoladh Dáithí de Mórdha.
Is é ábhar an leabhair seo ná grá don spórt ach tá léargas ann freisin ar an éabhlóid a thagann ar an spórt agus ar lucht spóirt in aimsir chogaidh. Tugtar cuntas sa leabhar seo ar a thábhachtaí a bhí an spórt mar chuid den réabhlóid in Éirinn. Tháinig athrú ollmhór ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na hÉireann sa tríocha bliain tosaigh den fhichiú haois. Chlaochlaigh an spórt dá bharr sin, ach san am céanna, bhí an spórt féin ar na fórsaí a mhúnlaigh an tsochaí nua a bhí ag teacht chun cinn.
Arna fhoilsiú ag Acadamh Ríoga na hÉireann
IONAD: Aonach an Oireachtais
15:00-17:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Pé Scéal É á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Lobbaí, GLENEAGLE
15:30 AMHRÁN SAOTHAIR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
16:00 FOCAL AR FHOCAL: TIONSCADAIL FOCLÓIREACHTA FHORAS NA GAEILGE
Tabharfar nuashonrú le linn an tseisiúin seo ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn ar na foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.
Tá i gceist suas le 20,000 brí eile a chur leis an bhFoclóir Nua Gaeilge an mhí seo. Déanfar plé ar chuid den ábhar sin agus ar leasuithe eile atá déanta ar na suíomhanna le bliain anuas.
CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach
Beidh seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge.
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
16:00 MÓRSHEOLADH LEABHAR
I measc na leabhair a sheolfar tá:
Na Gráinneoga Beaga Gleoite le Máirín Uí Shé
An Spailpín Fánach cnuasaithe agus cóirithe ag Micheál Ó Sé
An Ghráig do Chráigh mo Chroí-se le Páid Ó Súilleabháin, curtha in eagar ag Tomás L Ó Murchú
Leabhar Sheáin na Cille le Seaghan Mac an tSionnaigh
Ceiliúradh an Bhlascaoid 28
Arna fhoilsiú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
IONAD: Aonach an Oireachtais
16:15 DÍOSPÓIREACHT: Éire agus Todhchaí na hEorpa
CATHAOIRLEACH: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa, Oifig Idirchaidrimh in Éirinn
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
16:30 AMHRÁN NUACHUMTHA
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
17:00 SPRAOI NA SAMHNA
Rannta, ceol agus amhráin le Neilí agus cairde (aoisghrúpa 0-5 bliana d’aois). Beidh cóipeanna de Tóraíocht an Oireachtais ar fáil ag seastán Thuismitheoirí na Gaeltachta, roghnófar na buaiteoirí ag an ócáid seo, beidh duaiseanna breise ann dóibh siúd a bheidh i láthair agus beidh sólaistí deasa ar fáil.
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE
17:30 MÓRSHEOLADH LEABHAR BREAC
Sladmhargadh an Oireachtais, Fíon agus Sóláistí
Arna reáchtáil ag Leabhar Breac
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
17:40 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht RTÉ á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola
Arna chraoladh beo ar RTÉ 1
IONAD: An Lobbaí, GLENEAGLE
18:00 SEIMINEÁR
TÉAMA: ‘An bhfuil níos mó i gceist le spórt ná spraoi: CLG agus an náisiúntacht?’
CAINTEOIRÍ: Dr Caitríona Ó Torna; Dr Paul Rouse; Dr Cathal Billings; Dáithí de Mórdha; Róisín Ní Ghairbhí
Arna eagrú ag Ollscoil Notre Dame agus Acadamh Ríoga na hÉireann
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
18:00 LITIR GO CEANN SCRÍBE
An t-údar Liam Mac Cóil faoi agallamh ag Máire Ní Annracháin.
Arna reáchtáil ag Leabhar Breac
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
18:30 SCÉALAÍOCHT: Comórtas Cáilithe
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
18:30 AMHRÁNAÍOCHT AONAOIR LE TIONLACAN GIOTÁIR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
18:30 TIONÓL TINTEÁN
Tá an ghéarchéim tithíochta sna ceantracha Gaeltachta ag cur pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbaol ollmhór. Mar chuid do chamchuairt TINTEÁN, tabharfar eolas ar staid reatha na bpolasaithe tithíochta sa tír seo agus conas go bhféadfá páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht phobalbhunaithe seo ar mhaithe le hinmharthanacht ár dteanga mhionlaithe. Tithíocht. Teanga. Todhchaí.
Arna eagrú ag TINTEÁN
IONAD: Svuít 4, Leibhéal 1, GLENEAGLE
19:00 SEAN-NÓS NA bhFEAR
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
19:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4 á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola
Arna chraoladh beo ar TG4
IONAD: An Lobbaí, GLENEAGLE
19:00 LIADAIN, BANFHILE AS CORCA DHUIBHNE
An file Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag léamh as a saothar nua, Liadain.
Arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
19:15 AR SON NA CÚISE
Beidh an dara sraith do Ar Son na Cúise le craoladh ar TG4 an tEarrach seo chugainn. Sa tsraith seo, tugann dlúthchairde Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais faoi chamchuairt shiamsúil bhóthair ar thóir an ghriann, an spraoi agus an chomhluadair. Luíonn an tsraith go smior i spiorad scaoilte na Gaeltachta a spreag iad le tabhairt faoi stáitse an Oireachtais beagnach 40 bliain ó shin. Bí leo ag an ócáid seo — teacht le chéile le seanchairde, cuimhní ó shraith 1 agus blaiseadh den tsraith atá le teacht.
Arna léiriú ag Aniar
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
19:30 AMHRÁNAÍOCHT AONAOIR NACH SEAN-NÓS Í
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
19:30 SCÉALAÍOCHT: Príomhchomórtas
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
21:00 CÓISIR NA MAC LÉINN
Cóisir gléasta le scoth an cheoil ó Burnchurch, Ushmush agus Lisa Murray.
IONAD: An Bálsheomra, GLENEAGLE
21:00 AN QUEERCAL COMHRÁ
Is grúpa sóisialta é an Queercal Comhrá le haghaidh cainteoirí Gaeilge LADTAIÉ+. Tá grúpaí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, sa Bhruiséil, i gCo. an Chláir, i gCorcaigh, i nDoire, i nGaillimh, i Londain, i Luimneach, i bPort Láirge agus i Sligeach! Buailfidh muid ar fad le chéile ag an Oireachtas. Tar agus cuir tú féin in aithne dúinn!
Arna eagrú ag AAG agus an Queercal Comhrá
IONAD: Beár Badb, Óstán Brehon
22:30 AN CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
Casadh an tSúgáin á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
23:00 CLUB NA FÉILE
le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
Dé Sathairn 31 Deireadh Fómhair
9:30 FIDIL
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
9:30 #PARKRUNABÚ!
Rith speisialta Oireachtas na Samhna 2026
IONAD: Teach Chill Airne, Bóthar an Mhisiúin, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93 HE3C
10:00 CEARDLANN PODCHRAOLTÓIREACHT & SCANNÁNAÍOCHT MHÓIBÍLEACH
Ceardlann chruthaitheach, spraíúil do dhaoine óga ina roinnfear an grúpa ina dhá leath: leath ag triail podchraoltóireachta agus leath ag triail scannánaíocht mhóibíleach. Beidh téama Oíche Shamhna mar inspioráid chun ábhar samhlaíoch, idirghníomhach a chruthú trí Ghaeilge. Tabharfar deis do rannpháirtithe scileanna nua a fhoghlaim agus a gcuid smaointe féin a chur i láthair ar bhealach spraíúil comhoibríoch.
Arna eagrú ag KINIA
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
10:00 – 12:00 GORT NA DRÁMAÍOCHTA: An tOireachtas & An Taibhdhearc
Tabharfar spléachadh ar na deiseanna tacaíochta atá ar fáil do na taibhealaíona Gaeilge, le béim ar leith ar dhrámaíocht phobail agus ar na bealaí atá ann chun compántais agus cleachtóirí a fhorbairt agus a chothú chomh maith le léargas ar na deiseanna atá ar fáil i réimse na drámaíochta gairmiúla, lena n-áirítear deiseanna do thaibhealaíontóirí, forbairt scripte don stáitse, agus bealaí chun dul i mbun oibre leis an amharclann.
Roinnfidh aoi-aisteoir a thaithí féin ar ghairm a fhorbairt mar aisteoir trí mheán na Gaeilge, agus a labhróidh sé faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an earnáil.
Seisiún ceisteanna agus freagraí!
Arna eagrú ag An Taibhdhearc i gcomhpháirt leis an Oireachtas
10:30 AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
Ollchruinniú an Oireachtais
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
10:30 CEOL BEIRTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
11:00 SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS
TÉAMA: Gaeltacht gan Tithe – Gaeltacht gan Todhchaí?
Pléifear géarchéim tithíochta na Gaeltachta, an tionchar atá aici ar an nGaeilge, agus an gníomh práinneach atá ag teastáil chun na pobail seo a chosaint.
PAINÉAL:
Dónal Ó Grádaigh, Cathaoirleach, Comharchumann Ráth Chairn;
Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchais an Daingin,
John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge; agus
Aoi-speisialta: Dr John Walsh, Údar, Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926.
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
Arna chraoladh beo ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
11:00 AGALLAMH
Beidh Éilís Ní Dhuibhne, Laureate don Fhicsean Éireannach, faoi agallamh ag Celia de Fréine
Arna eagrú ag Aontas na Scríbhneoirí
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
11:00 SEISIÚN TÉARMEOLAÍOCHTA
Obair na téarmeolaíochta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh: obair an lae inniu, na dúshláin agus na riachtanais.
Painéal plé le saineolaithe téarmeolaíochta ón Aontas Eorpach agus in Éirinn.
Cainteoirí:
Julie O’Farrell, Ceann Aonad Aistriúcháin na Gaeilge, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Colmcille Ó Monacháin, Téarmeolaí, an Coimisiún Eorpach
Shanna Ní Rabhartaigh, Comhordaitheoir Cáilíochta,
Comhairle an Aontais Eorpaigh agus cainteoirí ó Éirinn freisin
Arna eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
11:00 CÓISIR OÍCHE SHAMHNA CÚLA4
Beidh scéalaíocht speisialta ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, péinteáil aghaidhe, dioscó, spotduaiseanna agus neart eile ar siúl ag an gcóisir.
Gléas suas i do chulaith Oíche Shamhna mar beidh neart spotduaiseanna le buachan!
Arna eagrú ag Cúla4
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
11:00 AN DEARCÁN: Seoladh Eagrán a Dó
Iris liteartha is ea An Dearcán a bunaíodh in 2025. I mbliana, d’éirigh linn an chéad agus an dara heagrán a chur le chéile agus a fhoilsiú. Tabharfaidh an t-eagarthóir Laoighseach Ní Choistealbha léargas don lucht féachana ar fhorbairt na hirise go dtí seo agus léifidh na scríbhneoirí a gcuid dánta/scéalta amach. Beidh eagrán a haon agus a dó ar díol ag an ócáid seo. Fáilte roimh chách!
Arna eagrú ag An Dearcán
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE
12:00 LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN: AG CEILIÚRADH SCÉALTAÍ SAIBHRE DO PHÁISTÍ
Taispeántas den litríocht is fearr do pháistí agus do dhaoine óga. Cuirfear saothar oibre Leabhair Pháistí Éireann chun cinn agus míneofar na bealaí gur féidir leo tacú le léitheoirí óga agus a dteaghlaigh, scoileanna, leabharlanna agus siopaí leabhar.
CAINTEOIRÍ: Patricia Forde, Laureate na nÓg 2023–2026 agus Selma Ćatibušić
Arna eagrú Leabhair Pháistí Éireann i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, le tacaíocht as an bhfeachtas Love Leabhair Gaeilge
IONAD: Aonach an Oireachtais
12:00 – 14:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Seó an Oireachtais á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Edel Ní Loibhéad
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Lobbaí, GLENEAGLE
12:30 PRÍOMHCHOMÓRTAIS DAMHSA AR AN SEAN-NÓS
Gach aoisghrúpa
Beo ar TG4
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
13:00 – 15:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samha.
Arna chraoladh ar Raidió na Life 106.4 FM& www.raidionalife.ie agus Raidió Fáilte 107.1 FM & www.raidiofailte.com
IONAD: An Nead, an Lobbaí, GLENEAGLE
13:00 SEISIÚN EOLAIS
Aithint Cainte agus Fotheidealú. (abair.ie -> deachtú) | (fotheidil.abair.ie)
Arna eagrú ag an tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie).
IONAD: Aonach an Oireachtais
13:00 PLÉPHAINÉAL
‘Ról na Gaeilge i bPríosúin sna 70í & na h80í & in Éire Nua’
CATHAOIRLEACH: Bróna Haughey
PAINÉAL: Eoghan Mac Cormaic & Cyril Mac Curtáin
Arna eagrú ag Sinn Féin
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
13:00 ÚSÁID FOCLOIR.IE AGUS TEANGLANN.IE
Cur i láthair ina dtaispeánfar conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie. Beidh béim ar leith sa seisiún seo ar shuíomh nua foclóir.ie agus ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge a seoladh ag deireadh na bliana seo caite. Beidh seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach
Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge.
Tae agus caife ar fáil.
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
13:30 AN CHÚIRT FILÍOCHTA
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé.
Le tacaíocht ó Clár na Leabhar Gaeilge
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:00 COMÓRTAS TRAIDISIÚNTA DO GHRÚPAÍ
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
14:00 FORBAIRT SEIRBHÍS POIBLÍ DO PHOBAL NA GAEILGE AR OILEÁN NA hÉIREANN – DEISEANNA AGUS DÚSHLÁIN
Tabharfaidh na Coimisinéirí Teanga, Pól Deeds agus Séamas Ó Concheanainn léargas ar an staid reatha maidir le forbairt seirbhísí poiblí do Phobal na Gaeilge, Thuaidh Theas. Seolfar spléachadh freisin ar thorthaí iniúchta atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfógraíocht a rinne comhlachtaí poiblí don bhliain 2025. Seo an tríú bliain go bhfuil torthaí na forála maidir le halt 10A in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, arna leasú, á tuairisciú.
Arna eagrú ag Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann agus An Coimisinéir Teanga
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:30 FOCLÓIR STAIRIÚIL NA GAEILGE: I DTREO FHOCLÓIR CHUIMSITHEACH GHAEILGE DON TRÉIMHSE 1600-2000
Tá Foclóir Stairiúil na Gaeilge ag obair ar fhoclóir stairiúil a chur le chéile bunaithe ar ábhar liteartha ón tréimhse c. 1600 ar aghaidh. Tabharfaidh an foclóir léargas ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal agus na dtéarmaí Gaeilge thar réimse leathan meán: traidisiún saibhir agus éagsúil na lámhscríbhinní in Éirinn idir an seachtú agus an naoú haois déag, úrscéalta agus tréimhseacháin an fhichiú haois, agus taifeadtaí focal labhartha chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta. Tabharfaidh an cheardlann seo léargas ar scóip an tionscadail agus ar na féidearthachtaí atá ann do phobal na Gaeilge.
Arna eagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
14:30 ÉIRE & AN EORAIP – FIÚNTAS DON GHAEILGE?
Sa seisiún ceisteanna agus freagraí, déanfar plé ar an luach agus ar na deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge in institiúidí agus i saol gairmiúil na hEorpa. Pléifidh painéal cainteoirí ról na Gaeilge san Aontas Eorpach, na deiseanna gairme atá ar fáil, agus an tábhacht atá le scileanna Gaeilge i saol oibre na hEorpa.
CATHAOIRLEACH: Norita Ní Chartúir, Léachtóir le Cumarsáid, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Arna eagrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
15:00 CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe.
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn Airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí.
Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
15:00 CRUINNIÚ PLEANÁLA LEIS AN bPOBAL LADTAIÉ+
Más duine aiteach tú, bí i láthair ag an gcruinniú seo agus cuir do thuairimí in iúl. Pléifidh muid na dúshláin atá romhainn mar phobal, na tosaíochtaí atá againn agus an fhís atá againn den todhchaí. Beidh ionadaithe ó AerachAiteachGaelach agus na Queercail éagsúla i láthair le héisteacht le mianta an phobail, le réitigh ar chuid de na dúshláin a phlé agus le labhairt faoi dheiseanna comhoibrithe agus fáis.
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
15:00 SEOLADH LEABHAIR
Rún na Gaeilge i Saothar Mháire le Seán Mac Corraidh á sheoladh ag Fionntán de Brún.
Fáilte roimh chách.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
15:00 SEISIÚN EOLAIS
Seisiún eolais ina mbeidh cur síos ar fhorbairt leagan na Mumhan den chlár fónaice Fé Mar a Déarfá! An Focal Scríte don gCainteoir Dúchais Gaelainne. Déanfar cur síos ar na háiseanna a bheidh ar fáil ag Céim 1 go luath, agus tabharfar eolas faoi na háiseanna atá beartaithe do Chéimeanna 2 agus 3.
Arna eagrú ag Breacadh
IONAD: Svuít 4, Leibhéal 1, GLENEAGLE
16:00 SLIOCHT Léamha Próis
Léamh le Laureate don Fhicsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne, Fionntán de Brún agus Ógie Ó Céilleachair
Léamh, plé agus deis labhairt leis na scríbhneoirí!
Seolfar leabhar úr Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile le linn na hócáide!
Aoichainteoir an tOllamh Gearóid Denvir
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE
16:00 CRUINNIÚ CINN BLIANA AerachAiteachGaelach
Is comharghrúpa ealaíon LADTAIÉ+ é AerachAiteachGaelach a thacaíonn le healaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus a chuireann leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha in ealaíona na Gaeilge. Tiocfar le chéile ag an gCruinniú Cinn Bliana chun plé a dhéanamh ar bhuaicphointí na bliana, eolas faoi chuntais na heagraíochta a léiriú agus coiste 2027 a cheapadh.
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
16:00 LÉACHT: Stair na Gaeilge
Sa chaint seo, déanfar plé ar thréimhsí éagsúla na Gaeilge. Labhrófar faoin teanga féin agus faoi na foinsí teanga atá tagtha anuas chugainn, ar nós clochanna oghaim agus lámhscríbhinní Gaelacha. Chomh maith leis sin, pléifear an traidisiún liteartha a bhain le gach tréimhse den teanga.
Arna eagrú ag Coláiste na Tríonóide
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 3, GLENEAGLE
16:30 SEOLADH LEABHAIR
An Fharraige agus a Gúnaí le Ceaití Ní Bheildiúin á sheoladh ag Niamh Ní Bhaoill. Fáilte roimh chách.
Fáilte roimh chách!
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
17:00 CLUB NA FÉILE NA nÓG
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth!
Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais agus dá gcairde.
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
17:15 BAIN TRIAL AS AN gCLUICHE RÓLIMEARTHA FÍORÚIL
Faigh léargas ar an bpróiseas cinnteoireachta trínár gcluche rólimeartha fíorúiI atá suite i bParlaimint na hEorpa! Cláraigh ag seastán Pharlaimint na hEorpa i Margadh na Féile. Líon teoranta spásanna.
Arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa, Oifig Idirchaidrimh in Éirinn
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
17:30 SEOLADH TG4
Gura fada buan TG4 – 30 bliain ag craoladh Oíche Shamhna 2026
Seolfar TG4+ agus an dara sraith de CRÁ.
TG4+
Is ionann TG4+ agus leagan nua athdheartha de Sheinnteoir TG4, trína gcuirfear eispéireas níos físiúla, níos fairsinge agus níos doimhne ar fáil ar an rogha ábhair atá ag TG4 chun freastal ar an lucht féachana Gaelach ar fud an domhain.
Íoslódáil an Aip agus bain lán súl as ábhar TG4.
CRÁ
Seolfar an dara sraith de CRÁ , sraith dhrámaíochta 6 chuid a léiríodh i dTír Chonaill, le Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt.
Cé go raibh sé ag iarraidh tosú glan as an nua, mar bhleachtaire faoi oiliúint, ní bhíonn an dara rogha ag Conall Ó Súilleabháin, ach filleadh ar Charraig na nGall. Baintear croitheadh as pobal an bhaile nuair a aimsítear corp agus caitear amhras ar Chonall féin. Agus é ar ais ar an bhfód arís, tá ceist amháin ag déanamh tinnis dó: cad a tharla i ndáiríre dá athair, Art?
Arna eagrú ag TG4
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
17:30 FEACHTAS NÁISIÚNTA NA GAEL-OLLSCOLAÍOCHT: Dul Chun Cinn agus Dúshláin
Beidh oifigigh AMLÉ agus léachtóirí ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar an dul chun cinn atá déanta acu leis an bhfeachtas ó bhí Oireachtas na bliana seo caite ann, ag áireamh bille leis an Teachta Dála Barry Heneghan agus litir oscailte chuig an Aire Ardoideachais.
Arna eagrú ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
19:15 CORN UÍ RIADA
Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
22:00 GAELGÁIRÍ
An t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne. Bígí leis na GaelGÁIRÍ is greannmhaire sa tír do ghig mhór na bliana! Cloisfear ó Aideen McQueen, Hugh Mac Giolla Chearra agus go leor fuirseoirí iontacha eile!
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
22:00 CLUB NA FÉILE
Le fíor-scoth an cheoil ó Ceann Golaim
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
22:30 CLUB AMHRÁNAÍOCHTA
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
23:00 CLUB NA FÉILE
Le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
Dé Domhnaigh 1 Samhain
11:00 AIFREANN AN OIREACHTAIS
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: Séipéal an Aiséirithe, Cill Airne
11:45 – 13:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Togha agus Rogha’ á chur i láthair ag Neansaí Ní Choistealbha & Bairbre Uí Choistealbha
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Lobbaí, Gleneagle