Céad duais ag Oireachtas na Samhna do chór Scoil Abán Naofa

Aon chailín déag atá sa chór, idir rang a dó agus rang a cúig, agus thug siad léiriú spleodrach ar dhá amhrán thraidisiúnta, Sé mo Laoch agus Óró, Sé do Bheatha ’Bhaile, agus an bodhrán á úsáid acu sa dara hamhrán.

Tháinig Cór Scoil Náisiúnta Chillín Liath, Contae Chiarraí, sa dara háit, tar éis dóibh dhá amhrán a chanadh freisin. Bhí buachaillí agus cailíní páirteach sa chór sin. Ní raibh an tríú cór a bhí le bheith san iomaíocht in ann freastal ar an gcomórtas.

Ba iad Colm Ó Foghlú agus Dominic Mac Giolla Bhríde moltóirí an chomórtais, agus bhí Muireann Ní Laoire ina bean an tí. Ba é Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach an Oireachtais, a d’fhógair na torthaí agus bronnadh teastais ar na rannpháirtithe.

Ag labhairt le An Páipéar i ndiaidh an chomórtais, dúirt Laura Cahillane, múinteoir ceoil an chóir bhuaitigh, go raibh obair mhór déanta ag na cailíní agus go raibh an-suim acu sa cheol traidisiúnta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.