
Tá traidisiúin an tórraimh ar na deasghnátha báis is sine atá againn. Luaitear den chéad uair iad sa dán cogaidh le Hóiméarm An Íliad. In Éirinn, creidtear gur meascán de phágántacht agus den Chríostaíocht a bhí sna traidisiúin tórraimh go dtí an naoú haois déag. Le déanaí agus mé ar cuairt ar fheirm an teaghlaigh,…

Tá an scannán Gaeilge Aontas roghnaithe ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Is é seo an cúigiú scannán de chuid TG4 a roghnaigh IFTA mar iontráil na hÉireann sa chatagóir le blianta beaga anuas, i ndiaidh Arracht, Foscadh, An…

Craolfar sraith nua bia ar TG4 ón 9 Meán Fómhair ar 8.30 pm ina ndéanfar ceiliúradh ar an tionchar atá ag pobail ilchultúrtha na hÉireann ar nósanna cócaireachta na tíre. Sraith ocht gclár is ea Bia Úr, a bheidh le feiceáil gach Céadaoin, agus Kirsten Mate Maher agus Allie Stack ina láithreoirí uirthi. Trí bhia…

Tá cláir Ghaeilge agus craoltóirí Gaeilge le feiceáil go láidir ar ghearrliosta Ghradaim Raidió IMRO 2026, a fógraíodh tar éis bliain eile den scoth don raidió ar fud oileán na hÉireann. Tá Cóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe sa rannóg don Chlár Ginearálta Ceoil. Tá Dónall Mac Ruairí ó Cóisir Cheoil ar an…

Caithfear £3 mhilliún ar na craenacha, Samson & Goliath, i longchlós Harland & Wolff Déanfar cóiriú ar na craenacha buí i longchlós Harland & Wolff, atá aitheanta ar fud Chathair Bhéal Feirste, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Déanfar an cóiriú mar chuid d’infheistíocht £100 milliún a bheas na húinéirí úra Spáinneacha…

Tá Caoilfhinn Ní Choiligh as an Iarmhí ainmnithe mar Rós Idirnáisiúnta Thrá Lí 2026, tar éis di dul i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus ar na moltóirí lena misneach, lena macántacht agus lena teachtaireacht chumhachtach faoi chaillteanas gruaige. Fógraíodh an bhean 25 bliain d’aois mar bhuaiteoir beo ar RTÉ a hAon oíche…

D’fhógair an tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na gearrliostaí do Ghradaim Foilsitheoireachta 2026, agus 19 leabhar san iomlán roghnaithe i dtrí chatagóir. Tá seacht leabhar san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin, a thugann aitheantas do Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, seacht gcinn do Ghradam de Bhaldraithe do shaothar aistrithe go Gaeilge ó…
Tá Amhrán na Laoch, an comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge, le filleadh arís i mbliana mar chuid de Mhí Cheoil na hÉireann 2026, le tacaíocht ó An Post. D’fhógair Hot Press agus Cumann Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI) sonraí an chomórtais, agus tá Coimisiún na Meán ag tacú le Mí Cheoil na hÉireann trína scéim Fuaim…
D’éirigh go geal le clúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 i mBéal Feirste, agus na céadta mílte daoine ag breathnú ar imeachtaí na Fleidhe ar an teilifís agus na milliúin amharc eile á dtaifeadadh ar ardáin dhigiteacha agus shóisialta an chraoltóra. Mar Chomhpháirtí Meán Oifigiúil na Fleidhe, d’oibrigh TG4 le Comhaltas Ceoltóirí Éireann…

Tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste den chéad uair agus ní raibh sé ach an dara huair go raibh sé ó thuaidh óna d’óstáil Cathair Dhoire an fhéile in 2013. Ní raibh ach rudaí deasa le cloisteáil faoin Fhleadh i mBéal Feirste agus tá gach duine ag dúil go mór leis an fhéile…