Imeachtaí An Oireachtas

Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair

12:00 CÓR BUNSCOILE
Comórtas do Dhaoine Óga
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

13:00 OSCAILT OIFIGIÚIL NA FÉILE
Léireofar ceol, amhránaíocht agus damhsa ó phlúr na dtaibhealaíontóirí chun tús spleodrach a chur leis an bhféile. Fógrófar torthaí chomórtais liteartha
2026 & bronnfar na duaiseanna ar scríbhneoirí na mbuaicshaothar.
IONAD: Airéine GLENEAGLE

16:00 LÍNÍOCHT GHREANNÁN
Ceardlann do Dhaoine Óga
Má tá tú san aoisghrúpa ó Rang 2 go hArdteist, beidh fáilte romhat freastal ar an gceardlann seo. Tá an cheardlann seo á heagrú mar thacaíocht do na
comórtais greannán atá ar chlár Chomórtais Liteartha an Oireachtais i gcomhar le Gaeloideachas.
TEAGASCÓIR: Aidan Courtney
Beidh taispeántas leabhar ó Dalen Éireann mar chuid den cheardlann freisin.
Arna eagrú ag Gaeloideachas
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:30 BRONNADH DHUAISEANNA LITEARTHA AN OIREACHTAIS 2026
Fógrófar torthaí shraith chomórtais liteartha 2026 agus bronnfar na duaiseanna ar scríbhneoirí na mbuaicshaothar
IONAD: Airéine GLENEAGLE

19:30 FÁILTIÚ NA nGRADAM CUMARSÁIDE
Cuirfear tús leis an oíche le Fáiltiú Seaimpéin
IONAD: An Lobbaí, Airéine GLENEAGLE

20:00 ÓCÁID BHRONNTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2026
BEO ÓN OIREACHTAS ar tg4.ie
Bronnfaidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. lóchrann an Oireachtais ar bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide 2026.
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair

09:30 AITHRISEOIREACHT (A)
Iomaitheoirí atá idir 3-4 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

09:30 AGALLAMH BEIRTE (A)
Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

09:30 LÚIBÍNÍ (A)
Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

10:00 AGALLAMH BEIRTE (D)
Iomaitheoirí atá 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE

10:00 SCÉALAÍOCHT (A)
Iomaitheoirí atá faoi 8 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

10:00 AITHRISEOIREACHT (B)
Iomaitheoirí atá 5 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

10:00 – 13:00 Cruinniú cinn bliana na Meithle Náisiúnta Pleanála Teanga
Is fóram neamhspleách daonlathach í an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga fréamhaithe sna pobail phleanála teanga. Is teacht le chéile é seo d’oifigigh pleanála teanga agus d’Oifigigh Forbartha Gaeilge atá ag obair leis an bpleanáil teanga. Fáilte rompu siúd ag obair i limistéirí pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta, líonraí Gaeilge agus scéimeanna forbartha líonraí Gaeilge. Déanfar cur is cúiteamh ar éilimh na Meithle agus dul chun cinn na gluaiseachta. Beidh róil ar an ngrúpa oibre le toghadh chomh maith.
Arna eagrú ag Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE

10:00 – 17:00 AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith.
Arna eagrú ag Glór na nGael
IONAD: An tIonad Fóillíochta

10:30 AGALLAMH BEIRTE (B)
Iomaitheoirí atá 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

10:30 LÚIBÍNÍ (B)
Iomaitheoirí atá 11 & 12 bliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

10:30 FIDIL (A)
Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza

10:30 AN FHEADÓG STÁIN (A)
Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

10:45 SCÉALAÍOCHT (B)
Iomaitheoirí atá 9 & 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:00 AITHRISEOIREACHT (C)
Iomaitheoirí atá 6 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:15 AN FHEADÓG STÁIN (B)
Iomaitheoirí atá 11 & 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

11:30 LÚIBÍNÍ (C)
Iomaitheoirí atá idir 14-16 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

11:30 FIDIL (B)
Iomaitheoirí atá 10-13 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza

11:30 AGALLAMH BEIRTE (E)
Iomaitheoirí atá 13-16 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE

11:45 AITHRISEOIREACHT (D)
Iomaitheoirí atá 7 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:45 SCÉALAÍOCHT (C)
Iomaitheoirí atá 11-13 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:45 AGALLAMH BEIRTE (C)
Iomaitheoirí atá 11 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

12:00 AN FHEADÓG STÁIN (C)
Iomaitheoirí atá 13 & 14 bhliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

12:00 AONACH AN OIREACHTAIS 2026
Doirse oscailte!
IONAD: Aonach an Oireachtais

12:30 FIDIL (C)
Iomaitheoirí atá 14-17 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza

12:45 AITHRISEOIREACHT (E)
Iomaitheoirí atá 8 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

12:45 AN FHEADÓG STÁIN (D)
Iomaitheoirí atá idir 15-17 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

13:30 SCÉALAÍOCHT (D)
Iomaitheoirí atá 14-17 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

13:30 LÉACHT: Canúintí Mhaigh Eo
Cur i láthair ar chanúintí Mhaigh Eo le Darren Ó Riagáin.
Beidh seisiún ceol traidisiúnta le ceoltóirí agus amhránaí Mhaigh Eo i ndiaidh na hócáide seo.
Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais i gcomhar le Pobal Gaeilg’ Acla
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE

13:45 AITHRISEOIREACHT (F)
Iomaitheoirí atá 9-10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:00 AGALLAMH BEIRTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar tg4.ie
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

14:00 CEOL BEIRTE (A)
Iomaitheoirí atá 8-11 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

14:00 AONACH AN OIREACHTAIS
Is é An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a sheolfaidh Aonach an Oireachtais 2026 go hoifigiúil.
Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ón 12:00 ar aghaidh.
IONAD: Aonach an Oireachtais

14:30 RAPCHEOL
Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:45 CEOL BEIRTE (B)
Iomaitheoirí atá 12-14 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

15:00 AITHRISEOIREACHT (G)
Iomaitheoirí atá 11-12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

15:00 SEISIÚN EOLAIS
‘Rochtain & Geabair’ (AAC don Ghaeilge ag abair.ie/geabaire)
Arna eagrú ag an tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie)
IONAD: Aonach an Oireachtais

15:00 SEOLADH
PLEAN STRAITÉISEACH 2026–2030 ÚDARÁS NA GAELTACHTA
Céad bliain ó leagadh síos teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta den chéad uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chaibidil eile. Seolfaidh An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. an plean nua, ina leagtar amach príomhspriocanna an Údaráis go dtí 2030. Buail isteach chun bualadh le foireann an Údaráis agus chun níos mó a fhoghlaim faoin bplean. Fáilte roimh chách!
Arna eagrú ag Údarás na Gaeltachta
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

15:30 CEOL BEIRTE (C)
Iomaitheoirí atá 15-17 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue

15:30 PODCHRAOLADH: SEACHTAIN BEO AG OIREACHTAS NA SAMHNA!
Buail isteach chun plé bríomhar a chloisteáil ar na scéalta agus na ceisteanna is mó atá ag déanamh ceannlínte faoi láthair. Beidh Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte, in éineacht le haíonna speisialta agus painéal saineolaithe. Fáilte roimh chách!
IONAD: An Nead, An Lobbaí, GLENEAGLE

16:00 SCEITSE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Beo ón Oireachtas ar tg4.ie
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

16:00 SEOLADH LEABHAIR
Beidh 3 leabhar á seoladh ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary. Is iad na leabhair a bheidh á seoladh ná:
Siobhán Cheanndána, cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock a mhaisigh Joe McLaren;
Thuas Staighre, Thíos Staighre, pictiúrleabhar nua le Claire Marie Dunne agus é maisithe ag Anita Foley & Julian an Mhaighdean Mhara aistriúchán le Shanna Ní Rabhartaigh & Gillian Nic Ionmhain ar shaothar cáiliúil Jessica Love.
Arna fhoilsiú ag an nGúm
IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE

16:00 AITHRISEOIREACHT (H)
Iomaitheoirí atá 13-14 bliana d’aois ar Lá Samhna 2026
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

16:00 SEISIÚN EOLAIS
Taighde Náisiúnta ar an nGaeilge ag an Tríú Leibhéal
Tá géarghá le tuilleadh cúrsaí ollscoile agus breisoideachais trí mheán na Gaeilge. Tá foireann taighde in Ollscoil na Gaillimhe i mbun an togra Taighde Náisiúnta ar an nGaeilge ag an Tríú Leibhéal atá ag breathnú ar bhealaí le cur leis an soláthar reatha cúrsaí trí Ghaeilge, i réimse leathan ábhar agus in institiúidí ar fud an oileáin. Sa seisiún eolais seo, pléifear aidhmeanna agus torthaí an tionscadail, agus an chaoi ar féidir leatsa do chion a dhéanamh ar son na teanga trí pháirt a ghlacadh sa taighde. Beidh an seisiún idirghníomhach – tabhair leat do hata thráth na gceist, seans go mbéarfaidh tú duais leat!
Cainteoirí: Chris McCann & Ciara Egan
Arna eagrú ag Ollscoil na Gaillimhe
IONAD: Aonach an Oireachtais

17:00 SEOLADH LEABHAIR
‘Ní hIonann Spéir’ le Evelyn Conlon agus aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin á sheoladh ag Vivian Uíbh Eachach
Arna fhoilsiú ag An Timire, Foilseachán Ábhar Spioradálta
IONAD: Aonach an Oireachtais

17:00 SEOLADH
Gearrfhíseáin ar Réimse na Pleanála Teanga á sheoladh ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. Beidh sraith úr de ghearrfhíseáin úrdheanta ar obair
na pleanála teanga le taispeáint ag an ócáid seo. Sa dara sraith d’fhíseáin ardaithe feasachta ó Fhoras na Gaeilge, tugtar léargas ar scoth na hoibre atá ar siúl an iarraidh seo sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta siúd a leanas: An Clochlán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín agus Trá Lí.
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

18:00 DREAS CAINTE
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

18:00 POP-UP GRÉASÁN & DÍOSPÓIREACHT
Tobsheisiún gréasánaíochta & díospóireachta i gcomhluadar do chomhghleacaithe san earnáil phoiblí atá ag freastal ar an bhféile.
ÓSTACH: John Prendergast
IONAD: Aonach an Oireachtais

18:00 STEM as Gaeilge
Cas le daoine atá ag obair i réimsí éagsúla ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Mata, agus ábhair ghaolmhara), agus pléigh na dúshláin, na deiseanna, agus an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a úsáid sna réimsí sin.
Baineann ETIM linn ar fad – smaoinigh ar chúrsaí leighis, athrú aeráide, an intleacht shaorga, srl. Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus ba cheart go mbeadh dioscúrsa ar gach uile gné den saol sa lá atá inniu ann inti. Pléifear freisin na féidearthachtaí STEM trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal, agus na hiarrachtaí atá ar bun chun na féidearthachtaí sin a fhorbairt.
Arna eagrú ag Ollscoil na Gaillimhe
IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, Airéine GLENEAGLE

18:30 ÓCÁID RÉAMHPHOIBLÍOCHTA: DRÁMAÍOCHT NA GAEILGE 2027
COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA 19-20 Feabhra 2027
Beidh An tOireachtas i gcomhar le hOllscoil Notre Dame agus le tacaíocht ó Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc ag eagrú COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA an bhliain seo chugainn, i nGaillimh.
Tabharfaidh an Dr Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, agus Alan Esslemont, An Taibhdhearc, spléachadh ar imeachtaí na comhdhála agus beidh deis ag daoine clárú i rith na féile.
COMÓRTAS NUA Fógrófar sonraí an chomórtais nua, Dráma Ilghníomh, faoi urraíocht ag Ollscoil Notre Dame a bheidh ar Chlár na gComórtas Liteartha 2027.
FÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA an 18-21 Márta 2027
Déanfar comóradh ar an gcéad Fhéile Náisiúnta Drámaíochta a reáchtáladh 80 bliain ó shin ag Oireachtas 1947 le taispeántas agus imeachtaí eile.
CATALÓG SCRIPTEANNA Eiseofar catalóg de na scripteanna drámaí atá ar fáil ó Chartlann an Oireachtais.
LÉAMH DRÁMATÚIL ar an úrscéal le Micheál Ó Conghaile, ‘Ar Thóir Bhríd Ní Mháille’. Tá an saothar bunaithe ar shaol Bhríd, an té a chum Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston.
Taibhléiriú ealaíonta ó na haisteoirí, Bridie Ní Churraoin agus Caitlín Ní Chualáin, faoi stiúir chumasach Eoghan Uí Riada.
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

18:30 DIOSCÓ GAELACH NA SAMHNA
Spórt, spraoi agus diabhlaíocht le Pádraig agus Aoife (oiriúnach do gach aoisghrúpa). Caith culaith bhréige i gcomhair na Samhna!
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE

19:00 SEAN-NÓS NA mBAN
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tg4.ie
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE

19:30 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
7LÁ arna chraoladh beo ar TG4
Láithreoir: Máirín Ní Ghadhra
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE

22:00 CLUB NA FÉILE
Le scoth an cheoil ó Ceann Golaim
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.