Tá aitheantas náisiúnta bainte amach ag an ngníomhaireacht mhargaíochta Gaeilge Lorg Media, tar éis di an tríú háit a bhaint amach i gcataóir na Sainghníomhaireachta is Fearr ag Gradaim na Meán Digiteach 2026.
Bronnadh an gradam cré-umha ar an ngníomhaireacht ag searmanas bliantúil na ngradam, a reáchtáladh in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an 9 Deireadh Fómhair.
Tugann an t-aitheantas aird ar chur chuige Lorg Media maidir leis an nGaeilge a chomhtháthú i straitéisí margaíochta digití do bhrandaí agus d’eagraíochtaí poiblí ar fud na hÉireann.
Déantar ceiliúradh ag Gradaim na Meán Digiteach ar éachtaí gníomhaireachtaí, margóirí agus daoine cruthaitheacha atá ag feidhmiú in earnáil dhigiteach na tíre.
Léiríonn rath Lorg Media an tábhacht mhéadaitheach atá le margaíocht Ghaeilge agus dhátheangach, ó thaobh an chultúir agus na tráchtála de.
De réir taighde a rinne Amárach Research, Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta i mí na Nollag 2025, ba mhaith le 73% de dhaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois go n-úsáidfeadh níos mó gnólachtaí agus eagraíochtaí poiblí Éireannacha an Ghaeilge.
Tá dualgais reachtúla ar chomhlachtaí poiblí freisin faoin Acht um Theangacha Oifigiúla maidir le fógraíocht trí Ghaeilge, lena n-áirítear spriocanna 20% dá bhfógraíocht bhliantúil agus 5% dá gcaiteachas fógraíochta ar na meáin Ghaeilge.
Mar ghníomhaireacht a bhfuil dlúthbhaint aici le pobal na Gaeilge, díríonn Lorg Media ar fheachtais mhargaíochta dhátheangacha a fhorbairt a léiríonn tuiscint ar an gcultúr agus ar riachtanais lucht féachana agus éisteachta.
Creideann an ghníomhaireacht go mbeidh ról níos suntasaí fós ag an nGaeilge i dtodhchaí na margaíochta digití in Éirinn.