Féile Tonnta le filleadh ar Ghaillimh le breis agus 20 imeacht i mí Eanáir

Fillfidh féile dhátheangach Tonnta ar Ghaillimh ón 28 go dtí an 31 Eanáir 2027, agus breis agus 20 imeacht ceoil, cultúir agus siamsaíochta beartaithe in 15 ionad ar fud na cathrach agus i gConamara.

Is é Gaillimh le Gaeilge a bhunaigh an fhéile, a bheidh ar siúl den cheathrú huair, agus beidh idir imeachtaí Gaeilge agus imeachtaí dátheangacha ar an gclár, cuid mhór acu saor in aisce.

Beidh Muireann Nic Amhlaoibh, SexyTadhg, Trá Pháidín agus Breda Larkin i measc na n-ealaíontóirí a ghlacfaidh páirt i bhféile na bliana seo chugainn.

Cuirfear tús leis an bhféile Déardaoin, an 28 Eanáir, le seisiún ceoil thraidisiúnta i gCaifé Plámás, agus beidh an léiriú An Bus go dtí an Ghealchathair, le ceol ó Thrá Pháidín, ar stáitse Amharclann Mick Lally an oíche dár gcionn.

Dé Sathairn, an 30 Eanáir, beidh Muireann Nic Amhlaoibh agus Aniar ag seinm san Taibhdhearc, agus beidh SexyTadhg ar stáitse an Róisín Dubh. Beidh Breda Larkin ina bean an tí ar an seó grinn dátheangach Níl aon Seó mar Sheó Sheosaimh! in Amharclann Mick Lally.

Beidh réimse imeachtaí teaghlaigh ar siúl freisin, ina measc ceardlanna cruthaitheacha Cúla4 i Leabharlann Chathair na Gaillimhe, scéalaíocht, déanamh chrosóga Bhríde agus mórshiúl ildaite VolkidÁna san Fhaiche Mhór.

Fillfidh Lá na bPáistí ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach Dé Domhnaigh, an 31 Eanáir, agus beidh turas folláine ar Chonamara mar chuid den chlár freisin.

Agus Gaillimh le Gaeilge ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód in 2027, dúirt a príomhfheidhmeannach, Bríd Ní Chonghóile, go raibh an fhéile lárnach d’iarrachtaí na heagraíochta úsáid na Gaeilge a spreagadh.

“Ba mhaith linn an Ghaeilge a fheiceáil faoi bhláth ar fud Chathair na Gaillimhe, mar chuid dár n-uaillmhian go dtabharfaí aitheantas do Ghaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta,” a dúirt sí.

Táthar ag súil le tuilleadh fógraí faoin gclár sna seachtainí amach romhainn.

Tá clár na féile agus ticéid ar fáil ag www.tonnta.eu.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.