Léamhthuiscint: An tOrd Oráisteach

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Paráid Oráisteach in Taigh na h-Uiseig, Albain.
Grianghraf: Ross Goodman

Is eagraíocht Phrotastúnach chóilíneach, fhrith-Chaitliceach, fhrithphoblachtach agus fhrith-Éireannach é an tOrd Oráisteach, ar a dtugtar na Fir Bhuí freisin, a bunaíodh in 1795 i gContae Ard Mhacha i gCúige Uladh. Ainmníodh an t-ord in onóir an Rí Liam III, Willem Hendrik van Oranje, an rí Protastúnach a bhuaigh ar an Rí Séamas II, rí Caitliceach, ag Cath na Bóinne in 1690. Tháinig an grúpa le chéile i ndiaidh achrann fuilteach idir Caitlicigh agus Protastúnaigh ar a dtugtar Cath an Diamaint. Bhí baint lárnach ag baill áitiúla na cinsealachta Protastúnaí ina bhunú, a raibh míshuaimhneas mór orthu mar gheall ar na réabhlóidí sa Fhrainc agus i Meiriceá sna blianta sin.  

Ba é príomhaidhm an Oird Oráistigh ná forlámhas na bProtastúnach a choinneáil agus smacht na Breataine in Éirinn a dhaingniú. Tá struchtúr an Oird Oráistigh bunaithe ar lóistí áitiúla, agus tá ballraíocht teoranta do dhaoine a rugadh sa chreideamh Protastúnach amháin. Le himeacht na mblianta leathnaigh an tOrd Oráisteach go hAlbain, Sasana agus tíortha eile thar lear, Ceanada agus an Astráil ina measc, áit ar bhog imircigh ón Chúige Uladh.

Is é an 12 Iúil, ar a dtugtar ‘an Dóú Lá Déag’, an lá is tábhachtaí sa bhliain ag an Ord Oráisteach. Ar an lá seo, eagraítear mórshiúlta móra. Gléasann na baill suas i gcultacha dorcha le bónaí oráisteacha, agus máirseálann siad trí bhailte agus cathracha le bannaí ceoil ag seinnt drumaí agus fífeanna. Iompraíonn siad meirgí móra daite a thaispeánann radhairc stairiúla nó reiligiúnacha.

Is minic a chothaíonn na mórshiúlta seo conspóid agus aighneas i ceantair Náisiúnacha ar mian leis an Ord Oráisteach máirseáil tríothu. D’eascair foréigean as mórshiúlta a chuaigh trí na ceantair Chaitliceacha agus Náisiúnacha, mar shampla ó Eaglais Dhroim Crí trí Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin i gContae Ard Mhacha. Le déanaí tá iarratas eile curtha isteach ag an Ord Oráisteach chuig Coimisiún na Mórshiúlta chun máirseáil trí Bhóthar Gharbhachaidh. Dá dheasca sin leanann leamhsháinn idir muintir Bhóthar Gharbhachaidh agus an lóiste áitiúil i bPort an Dúnáin.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cén bhliain inar bunaíodh an tOrd Oráisteach, agus cá háit ar tharla sé sin?
  2. In onóir cén pearsa stairiúil a ainmníodh an eagraíocht, agus cén fáth?
  3. Céard a tharlaíonn ar an 12 Iúil gach bliain chun féile an Oird Oráistigh a cheiliúradh?
  4. Cén fáth a mbíonn conspóid ag baint le mórshiúlta an Oird Oráistigh uaireanta?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.