


Beidh ceiliúradh speisialta ar siúl ag TG4 le linn Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne, agus an stáisiún ag comóradh 30 bliain ó cuireadh tús lena chuid craoltaí ar Oíche Shamhna 1996.
Beidh cúig lá de chraoltaí beo, comórtais, seoltaí agus imeachtaí cultúrtha ar siúl ón gCéadaoin, an 28 Deireadh Fómhair, go dtí Dé Domhnaigh, an 1 Samhain, agus clúdach cuimsitheach á chur ar fáil ar TG4, TG4+ agus ardáin dhigiteacha an stáisiúin.
Is é Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, príomhlá an cheiliúrtha, nuair a sheolfar TG4+, leagan nua athdheartha de Sheinnteoir TG4, a chuirfidh eispéireas feabhsaithe ar fáil don lucht féachana sa bhaile agus thar lear.
Seolfar an dara sraith den choirdhráma móréilimh CRÁ freisin, a taifeadadh i nGaoth Dobhair agus a bheidh ar fáil ón 3 Samhain.
Ag labhairt di faoin gceiliúradh, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, nach raibh áit níos oiriúnaí ná an tOireachtas chun an chloch mhíle a chomóradh.
“Níl áit ar bith níos oiriúnaí ná Oireachtas na Samhna chun breithlá TG4 a cheiliúradh, i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge,” a dúirt sí.
“Táimid ag ceiliúradh na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le TG4, is iad sin ár gcruthaitheacht, ár dteanga, ár gcultúr agus ár bpobal, pé áit a bhfuil siad.”
Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Céadaoin le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, áit a bhfuil 26 ainmniúchán faighte ag TG4. Craolfar an searmanas beo ar TG4.ie ag 8pm.
Déardaoin, craolfar eagrán speisialta de 7LÁ ó Chomhdháil an Oireachtais ag 7.30pm, agus Máirín Ní Ghadhra i mbun an chláir.
Dé hAoine, cuirfidh Eimear Ní Chonaola Nuacht TG4 i láthair beo ó Chill Airne ag 7pm, agus beidh comórtais amhránaíochta agus agallaimh bheirte ar fáil ar líne.
Beidh STEIP Beo ar TG4 ag 1pm Dé Sathairn, sula gcraolfar Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, ag 7.15pm.
Beidh Cóisir na Samhna ag Cúla4 ar siúl freisin, le cluichí, ceol agus scéalaíocht do theaghlaigh.
Den chéad uair beidh Spórt TG4 i láthair, agus deis ag cuairteoirí trí cinn de mhórchoirn spóirt na hÉireann a fheiceáil: Corn Mhig Uidhir, Corn Liam Mhic Cárthaigh agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín.
Críochnóidh an clúdach Dé Domhnaigh le Braon ón mBarr – Oireachtas 2026 ag 7.30pm, clár speisialta ina dtabharfar súil siar ar bhuaicphointí agus ar bhuaiteoirí na féile.