Triúr san iomaíocht le hÉirinn a léiriú ag Eoraifís na nÓg i Málta

Tá an tóir ar ionadaí na hÉireann ag Comórtas Amhrán Eoraifís na nÓg beagnach thart agus triúr amhránaithe óga fágtha sa chomórtas roimh an mbabhta ceannais ar TG4 Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair.

Beidh Caleb Kirwan, Naomi Gribben agus Isa-Mae Lyle ag dul in iomaíocht lena chéile sa bhabhta ceannais, a chraolfar ar TG4 ag 8 pm, agus áit in Eoraifís na nÓg i Málta mar dhuais don bhuaiteoir.

Is as Baile na Lobhar i mBaile Átha Cliath do Caleb Kirwan, atá 14 bliana d’aois, agus is as Maigh Eo an Droichid i gContae an Dúin do Naomi Gribben, atá 13 bliana d’aois. Is as Cathair Dhoire do Isa-Mae Lyle, atá 14 bliana d’aois.

Beidh an té a roghnófar sa bhabhta ceannais ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Amhrán Eoraifís na nÓg i Málta ar an 24 Deireadh Fómhair.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.