Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1. An aimsir a bhaineann le rudaí atá le tarlú, an aimsir __________ (12)
7. Tiománann tú orthu (7)
11. Séideadh sa chorp de bharr buille nó tinnis, ginideach (3)
12. Focal draíochta a úsáideann draoi nuair atá cleas draíochta á dhéanamh aige (11)
13. Itear an gránach seo le curaí (3)
14. Drochghníomh (9)
17. Breith nó saolú (3)
18. Áiteanna nach bhfuil íseal. Feictear an focal seo in ainmneacha ar eastáit tithíochta (4)
19. an bunfhocal ar agam, agat, etc (2)
20. Ainm Gaeilge buachaill (6)
22. Bíonn seo ort nuair a bhíonn deoch de dhíth ort (4)
23. Ní aon rún é, mar is eol do _________ (5)
24. Laoch Gréagach an-láidir, mac le Séas (7)
25. Tá dhá polláire inti agus dhá shúil os a cionn 4)
27. Pléisiúrtha, sárchéim, is é an duine is __________ liom (4)
28. Buíochas a thabhairt do Dhia roimh bhéilí: bia a ? (4)
29.Tá an lá agus an t-am roinnte roimh _______ agus iar_______ (4)
30. Buille trom (5)
31. Troid mhór (4)
32. Gan bogadh as an seomra, ________ ann (7)
34. Comhlacht teicneolaíochta ilnáisiúnta a bhfuil monarcha mhór aige i Léim an Bhradáin (5)
37. Bíonn ceithre cinn ar an gcarr, iad lán d’aer (5)
39. Tuairisc (5)
40. Bhí dhá cheann déag acu sa scilling (7)
43. Siamsaíocht eagraithe amuigh faoin spéir (9)
44. Sceach nó balla ar thaobh an bhóthair (3)
46. Dath na gréine (3)
47. Ar an taobh eile (5)
48. An dara post is airde sa rialtas (8)
49. Nuair nach bhfuil mórán agat bíonn tú air seo (9)
50. Shínigh sé forógra 1916, Éamonn __________ (6)

Síos

1. Séidtear trithi chun ceol a chruthú (6,5)
2. Gleoite (6)
3. Planda náisiúnta na hÉireann (7)
4. Tá an Phortaingéil in _________ na hEorpa (13)
5. Ní féidir an glas a oscailt gan í (7)
6. Iolra an fhocail ‘cuid’ (7)
7. Nuair atá scór níos airde agat ag deireadh an chluiche, is agatsa atá an ______ (3)
8. Cré (5)
9. Brathadóir ón Ísiltír a chuir na Francaigh chun báis in 1917, Mata ________ (4)
10. I bhfad níos fearr ná an meán (12)
15. Príomhchathair na Siombáibe (6)
16. Fo-bhaile ollmhóir i mBaile Átha Cliath Theas (9)
19. Agus an iliomad teangacha in úsáid san Aontas Eorpach, bíonn an duine seo an-ghnóthach (10)
21. Críochnaithe agus réidh le húsáid (6)
25. Cuaille nó rud a bhíonn ag gobadh aníos ón talamh (6)
26. Tá arsanaic agus fiailnimh mar seo (8)
32. Ligeann sé an solas isteach sa teach (8)
33. Ros na Rún cuir i gclás, ________ teilifíse (4)
35. Eán a bhfuil cleití dubha agus gob buí air (5)
37. Duine gan airgead nó aon rud eile (5)
38. Bíonn do smaointe ag dul tríd (6)
40. Ní féidir leat do chorp a bhogadh gan iad (6)
41. Síocháin (4)
42. Leanbh (6)
45. Cailín fásta (4)

Freagraí ar Crosfhocal #99

TRASNA: 1. Leabhair 2. Cistine 10. Béal Feirste 11.Tur 13. Aisteacha 14. Aoibh 16. Malla 17.Crios 18. Cló 20. Thíos 23. Cluas 25. Itheann 27. Rinn 28. Loinnir 31. Castachta 32.  Amuigh 33. Teas 34. Fann 36. Áir 36. Steamar 38. Dúr 39. Anocht 40. Abairt 44. Anonn 45.  Smid 48. Bata 49. Amaideach 50. Cathal 51.Neach 52. Ciseal
SÍOS: 1. Labhair 2. An Aoine 3. iliomad 4. Creatlach 5. Seisear 6. Isteach 7. Earcaigh 8. Dorais 9. Os comhair 12. Ua 15. Heilsincí 18. Carn 19. Snasta 21. Íochtar 22. Satarn 23. Cúlsráid 24. Anraith 26. Eachtrannach 29. Iarracht 30. Liam 34. Fút 36. Scioból 37. Etna 38. Draid 41. Ansa 42. Beacha 43 Cobra 46. Minc 47. Deas 48. Bac
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.