
Fillfidh an tsraith cheoil Curfá ar TG4 Dé Domhnaigh, an 25 Deireadh Fómhair, ag 8pm, agus 12 chór as gach cearn d’Éirinn san iomaíocht le bheith ainmnithe mar chór is fearr na tíre in 2026.
Is í Doireann Ní Ghlacáin a chuirfidh an tsraith ocht gclár i láthair, atá léirithe ag Tyrone Productions. Beidh duais €5,000 le buachan ag an gcór a thabharfaidh an chraobh leis, chomh maith leis an deis dul ar stáitse leis an mbanna ceoil iomráiteach Hothouse Flowers.
Beidh na babhtaí cáilitheacha ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear Aula Maxima in Ollscoil Mhá Nuad, Halla Cholm Cille i nDoire, Amharclann Druid i nGaillimh agus Ardeaglais Naomh Flannán i gCill Dalua. Reáchtálfar an babhta ceannais in Ardeaglais Naomh Bríd i mbaile Chill Dara.
Canfaidh gach cór dhá amhrán sula dtabharfaidh dhá chór aghaidh ar a chéile i gcomórtas amhránaíochta chun áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile. Ní bheidh ach trí chór fágtha don bhabhta ceannais.
Beidh Cór Thaobh a’ Leithid as Gaoth Dobhair i nDún na nGall ar cheann de na grúpaí a bheidh le feiceáil sa chéad chlár.
Bhunaigh Doimnic Mac Giolla Bhríde an cór breis agus 25 bliain ó shin agus tá cáil bainte amach aige as amhráin ar an sean-nós agus amhráin thraidisiúnta Ghaeilge a chanadh. Tá an grúpa tar éis seinm ag Féile Ealaíon an Earagail agus sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Beidh dhá chór eile páirteach sa chéad chlár, Quire as Béal Feirste agus Hive Cancer Support Choir as Doire.
Tá Quire, an chéad chór LADTA+ i dTuaisceart Éireann, ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód. Tá an grúpa tar éis fás ó 15 bhall go beagnach 100, agus daoine ó chúlraí agus ó thíortha éagsúla ina measc.
Is í Siobhán Heaney a stiúrann Hive Cancer Support Choir, cór a thugann daoine a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ag an ailse ar a saol le chéile trí mheán an cheoil.
Beidh Colm Ó Foghlú, Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus Séamus Ó Flatharta ar phainéal moltóirí na bliana seo, agus beidh Pádraig Jack agus Dónall Mac Ruairí ina n-aoi-mholtóirí.
Tá taithí fhairsing idirnáisiúnta ag an triúr moltóirí ar an gceol traidisiúnta, ar an gcumadóireacht agus ar an stáitse.
Craolfar Curfá gach Domhnach ar TG4 ag 8pm agus beidh an tsraith ar fáil ar fud an domhain ar TG4.ie.