Déanfar ceiliúradh speisialta ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Shnodaigh (1935–2025), an foilsitheoir, staraí agus gníomhaí Gaeilge iomráiteach, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), Dé Sathairn seo chugainn, an 10 Deireadh Fómhair.
Beidh SNOD 26 ar siúl i Halla Éisteachta an tSráidbhaile in COBÁC ó 1 go 9 pm agus tabharfaidh an ócáid daoine ó shaol na litríochta, na foilsitheoireachta, na staire agus ghluaiseacht na Gaeilge le chéile chun ómós a thabhairt d’oidhreacht Uí Shnodaigh.
Mar chuid den chlár beidh léamha próis agus filíochta, chomh maith le léacht speisialta ón scríbhneoir agus léirmheastóir liteartha Alan Titley. Beidh painéil phlé ann freisin a dhéanfaidh cíoradh ar an méid a rinne Ó Snodaigh ar son na foilsitheoireachta Gaeilge, na staire agus ghluaiseacht na Gaeilge. Cuirfear clabhsúr ceolmhar ar an lá le baill de chlann Uí Shnodaigh ón ngrúpa Kíla agus aíonna speisialta.
Bhí Ó Snodaigh ar dhuine de na foilsitheoirí Gaeilge ba bhisiúla dá ghlúin. Bhunaigh sé Coiscéim in 1980 agus, sna 45 bliain ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh sé beagnach 2,000 leabhar Gaeilge. Thug sé ardán d’fhilí agus do scríbhneoirí nua agus seanbhunaithe araon, chomh maith le saothair thaighde, leabhair thagartha agus aistriúcháin.
I measc na scríbhneoirí a d’fhoilsigh Coiscéim faoina stiúir bhí Áine Ní Ghlinn, Biddy Jenkinson, Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh, Máirtín Ó Cadhain, Paddy Bushe, Breandán Ó Doibhlin, Conleth Ellis agus Diarmuid Ó Súilleabháin. D’fhoilsigh Ó Snodaigh cuid dá shaothar taighde agus dá scríbhneoireacht chruthaitheach féin chomh maith.
Rugadh é i gCeatharlach ach chaith sé formhór a shaoil oibre i mBaile Átha Cliath. Is ann a casadh an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen air agus iad beirt ag obair mar theagascóirí in COBÁC, agus phós siad ina dhiaidh sin.
Bhí Ó Snodaigh ina choimeádaí in Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit a raibh ábhar a bhain le hÉirí Amach 1916 agus leis an tréimhse réabhlóideach faoina chúram. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1979 agus bhí ról aige i mbunú an tSiopa Leabhar ar Shráid Fhearchair. Bhí sé ina eagarthóir freisin ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh.
Tar éis dó dul ar luathscor ón Ard-Mhúsaem bhunaigh sé Coiscéim agus lean sé air ag eagarthóireacht, ag coimisiúnú agus ag foilsiú saothar Gaeilge go dtí go gairid roimh a bhás i mí Eanáir 2025. D’fhoilsigh sé aistriúcháin ó theangacha Eorpacha, Gaeilge na hAlban ina measc, chomh maith le saothair ón Áise agus ó Mheiriceá Laidineach.
Bhronn COBÁC Dochtúireacht Oinigh sa Léann Ceilteach air in 2019 mar aitheantas ar a shaothar.
Tá cead isteach chuig SNOD 26 saor in aisce, ach moltar do dhaoine áit a chur in áirithe roimh ré trí Eventbrite. Tá an ócáid á reáchtáil le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus COBÁC.