Leanann Caoimhín Ó Cadhla ag breathnú ar phaintéón na ndéithe Gaelacha. San alt seo is Crom Cruach a mbeidh sé ag breathnú air.

“The Rhymed Life of St. Patrick”, scríobhtha ag Katharine Tynan le pictiúir ó Lindsay Symington, 1907

Ainmneacha Chroim

Tá go leor ainmneacha ag Crom mar dhia. Tugtar Crom Cruach air nuair a bhaineann sé le Féile na Samhna agus Scéalta Naomh Pádraig. Nuair atá Féile Lúnasa i gceist luaitear é mar Chrom Dubh. De réir an Ollaimh Dáithí Ó hÓgáin is é an chiall a bhí le Crom Dubh ná duine dubh cromtha nó duine dubh ar a ghogaide. Bhí seanainm air, Ceann Cruaich. De réir scoláirí eile ciallaíonn Ceann Cruaich ceannasaí an chnoic. Ceaptar freisin gur léiriú eile é ar Bhalor.

Cén saghas dé atá ann?

Luaitear in Annála na gCeithre Máistrí agus in Foras Feasa ar Éirinn gurbh é Crom príomhdhia na nGael. De réir scoláirí eile tá Crom ina dhia réamh-Ghaelach fómhair in Éirinn ar tháinig Lú i gcomharbas air nuair a d’fhorbair cultúr na nGael. Tá scéalta ann go raibh troid idir Lú agus Crom le bheith mar dhia na talmhaíochta agus gur éirigh le Lú.

Logainmneacha

Is e an áit is mó atá bainteach le Crom Cruach ná Maigh Sléacht. Ag an áit sin deirtear go raibh dealbh de ann déanta d’ór agus dhá dhealbh déag chloiche eile timpeall air.

Lúnasa agus Samhain

Tá Crom bainteach le dhá fhéile thine, is iad sin Lúnasa agus Samhain. Glaoitear Domhnach Chroim Dhuibh in onóir do Chrom ar an Domhnach is cóngaraí do Lá Fhéile Lúnasa. Ach bhí nasc ag Crom le Samhain chomh maith. Thugtaí ómós dó gach Samhain ag Maigh Sléacht nuair a thugtaí céadghin de gach ainmhí chun fómhair maith a chinntiú. Tá rian den Chríostaíocht le feiceáil sa scéal seo mar mharaigh Héaród leanaí, agus tá macalla scéal Mhaoise ann freisin agus é ina naíonán ag éalú ó na hÉigiptigh. 

Scéalta faoi

I mbeathaisnéis Naomh Pádraig luaitear gur scrios Naomh Pádraig na dealbha agus gur chuir sé Crom síos faoin talamh. Ach tá teoiric ann go dtagann an scéal sin ón chath idir Lú agus Crom seachas Naomh Pádraig. I scéal eile faigheann trí cheathrú de na daoine a thugann ómós do Chrom Cruach bás. Ní fios cén fáth go mbeadh daoine ag tabhairt ómós don dia sin má bhí seans maith ann go bhfaighidís bás! I scéal eile sa dinnseanchas íobraíonn daoine trian dá bpáistí do Chrom chun fómhar maith a fháil. Ní mhairfeadh pobal rófhada dá ndéanfadh siad sin gach Samhain!  

Áine

Bhí céile ag Crom, Áine, bandia na gréine agus banríon an lucht sí. 

Críostú Chroim

Tá scéal níos déanaí ann ina bhfuil Crom ina phágánach a ndéanann Naomh Pádraig Críostaí de. Baineann sé seo leis an bpróiseas dia a dhaonnú chun a chumhacht a bhaint de. Tá an chuma air gur tharla seo le Bríd chomh maith. De réir Uí Ógáin ba íomhá den Ainchríost é Crom, agus gur chloígh Naomh Pádraig é mar gheall na híobairtí daonna a rinneadh in ómós dó.    

Nathanna cainte

Níl dearmad ag Gaeil ar Chrom. Tá a ainm luaite i nathanna cainte. Nuair a bhíonn iontas á léiriú ag duine cloistear ‘dar Crom’, nó ‘in ainm Chroim’ go fóill sa lá atá inniu ann.

Conclúid

Má tá tú ag iarraidh ómós a thabhairt do dhia na talmhaíochta tá rogha agat anois idir Lú agus Crom. Beidh sé spéisiúil má théann seandálaithe go Maigh Sléacht chun iarracht na dealbha sin a aimsiú nó a chruthú gur miotas iomlán atá ann.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.