Caleb agus Naomi le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Eoraifís na nÓg

Bhí casadh gan choinne i mbabhta ceannais Eoraifís na nÓg Éireann oíche Dé Domhnaigh, nuair a fógraíodh go ndéanfadh beirt amhránaithe óga, Caleb Kirwan agus Naomi Gribben, ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2026 i Málta.

Bhí Caleb, atá 14 bliana d’aois agus arb as Baile na Lobhar i mBaile Átha Cliath é, agus Naomi, atá 13 bliana d’aois agus arb as Droichead Mhaigh Eo i gContae an Dúin í, ar an mbeirt iomaitheoirí deiridh a bhí fágtha ag deireadh chlár TG4 Dé Domhnaigh, an 4 Deireadh Fómhair.

Bhíothas ag súil go roghnódh na moltóirí duine amháin acu le dul ar aghaidh go dtí an comórtas idirnáisiúnta, ach baineadh siar as an lucht féachana nuair a shocraigh siad an bheirt a chur ar aghaidh. Canfaidh Caleb agus Naomi an t-amhrán Níos Láidre le chéile i Málta ar an 24 Deireadh Fómhair.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.