
Seoladh Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2026 go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath Dé Máirt leis na láithreoirí Dáithí Ó Sé agus Kathryn Thomas ag cur fáilte roimh 32 Rós na bliana seo. Bhailigh na Róis in Óstán St Helen’s i Stigh Lorgan don seoladh agus iad anois ag ullmhú do chúig lá d’imeachtaí i…

Bhain ochtar as Éirinn triail as cur chuige úrnua i bhfoghlaim na Gaelgey ar Oileán Mhanann le déanaí, nuair a cuireadh rang sa teanga ar fáil trí Ghaeilge na hÉireann den chéad uair riamh. Bhí Eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, Bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach agus an scríbhneoir Realtán Ní Leannáin i measc na n-ochtar…

Thug grúpa Gaeilgeoirí as áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann aghaidh ar Sabhal Mòr Ostaig ar Oileán Sgitheanach in Albain le déanaí chun tabhairt faoi chúrsa i nGàidhlig na hAlban agus chun blaiseadh níos doimhne a fháil de chultúr agus de thraidisiúin na nGael. Bhí John Ó Fearraigh ar dhuine den ochtar ón ngrúpa Éireannach…

Tá tionscnamh Café Lates le filleadh ar Chathair na Gaillimhe an mhí seo agus cúig shiopa caifé ag cur lena n-uaireanta oscailte tráthnóna chun réimse imeachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a chur ar fáil. Beidh Plámás ar Shráid Dhoiminic, 56 Central ar Shráid na Siopaí, Fairhill Café ar Shráid an Gheata Bhig, Little Lane Coffee Company…

Thug na céadta duine a n-ómós deireanach don cheoltóir agus cumadóir amhrán Glen Hansard ag a shochraid in Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Fuair an buaiteoir Oscar bás Dé Céadaoin seo caite in aois a 56 bliain i dtimpiste bhóthair, cúpla uair an chloig tar éis dó páirt a ghlacadh i…

Tá Béal Feirste i gcroílár shaol cheol traidisiúnta na hÉireann an tseachtain seo agus meastar go mbeidh breis agus 800,000 duine tar éis freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann faoin am a gcuirfear clabhsúr leis an bhféile mhór tráthnóna Dé Domhnaigh. Is í seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an Fhleadh i bpríomhchathair Thuaisceart…

Tá cathair an Oriant sa Bhriotáin ina lárionad ag an 55ú Féile Idircheilteach an tseachtain seo. Buaicphointe na hócáide ba ea Mórshiúl na Náisiún Ceilteach, áit ar thionóil 95,000 duine le chéile: 85,000 ar na sráideanna agus 10,000 i Staid an Moustoir. ”Tá ceol ag séideadh ó gach áit, tá daoine ag damhsa,” a dúirt…
Beidh súile lucht an cheoil thraidisiúnta ar fud na hÉireann agus i bhfad níos faide i gcéin dírithe ar Bhéal Feirste an tseachtain seo agus Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 le tosú sa chathair den chéad uair riamh. Ón 2 go dtí an 9 Lúnasa, beidh príomhchathair Thuaisceart Éireann ina hóstach ar cheann de na…

D’eisigh An Post dhá stampa chomórtha nua chun céad bliain dhá institiúid mhóra i saol na heachaíochta in Éirinn a cheiliúradh – Corn na Náisiún Aga Khan agus Scoil Eachaíochta an Airm, ar bunaíodh iad araon sa bhliain 1926. Nochtadh na stampaí ag ócáid san RDS i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil dlúthcheangal stairiúil…

Beidh ceol agus cultúr Uladh i gcroílár an aonaigh nuair a chraolfar Fleadh Folk ar TG4 Dé Máirt, 4 Lúnasa ag 9.30pm, mar chuid den chomhaireamh síos go Fleadh Cheoil na hÉireann 2026, a bheidh ar siúl i gCathair Bhéal Feirste den chéad uair riamh. Craolfar an clár freisin ar BBC One Northern Ireland agus…