“Bhí a fhios agam go raibh mo chluiche thart” – Pauric O faoi chríoch The Traitors

Bhí Pauric O’Meara aon chéim amháin ón duais in The Traitors, ach ba leor an mhiodóg i lámh Diago Rodrigues Caixeta chun a chur ina luí air go raibh deireadh lena sheans. Tar éis dó maireachtáil mar fhealltóir go dtí babhta deiridh an chomórtais, thuig sé go raibh Diago tar éis teacht air. Ba iad Diago agus Anna Murphy a bhuaigh an clár sa deireadh, agus duais os cionn €45,000 eatarthu.

“Bhí a fhios agam nuair a fuair Diago an mhiodóg go raibh an cluiche thart agam,” a dúirt Pauric le An Páipéar. Ní raibh sé riamh cinnte go mbuafadh sé, a dúirt sé, mar go mbíonn imreoirí de shíor ag iarraidh a dhéanamh amach cé atá ag ceilt rud éigin orthu.

Sna laethanta roimh an gcluiche ceannais, bhí sé ag faire go háirithe ar Diago, ar chuir sé síos air mar imreoir “an-chliste”. Bhí plean pléite acu faoina ndéanfaidís ag an deireadh, ach dúirt Pauric gur athraigh Diago a intinn an mhaidin dheireanach. Theastaigh uaidh Carla Geary a chur amach ar dtús. “Thosaigh mo cheann ag ticeáil sna boscaí,” arsa Pauric. “Bhí mé ag smaoineamh: ‘Tá sé tar éis teacht orm.’”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.