D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an dara stáisiún ag Raidió Fáilte amach anseo chun freastal ar fhás phobal na Gaeilge agus chun réimse níos leithne seirbhísí a chur ar fáil, dar leis an gCoimisinéir Gaeilge, Pól Deeds.
Bhí Deeds ag labhairt le An Páipéar ag ócáid speisialta i Halla na Cathrach, Béal Feirste, chun 20 bliain Raidió Fáilte mar stáisiún raidió oifigiúil ceadúnaithe ag Ofcom a cheiliúradh.
Dúirt sé go raibh muinín aige as ceannaireacht an stáisiúin agus as a chumas leanúint den fhás atá tagtha air le fiche bliain anuas. Má chuirtear cearta teanga i bhfeidhm mar is ceart agus má éiríonn le straitéisí Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas, mheas sé go dtiocfadh méadú suntasach ar an éileamh ar chraoltóireacht Ghaeilge.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!