Saint na Fraince ag breathnú ar an amhantar cánach atá ag Éirinn

Eoin Ó Murchú

Tá Éire arís ina sprioc ag iomaitheoirí éadmhara maidir leis an bhfómhar saibhir cánach ar ghnólachtaí ilnáisiúnta eachtracha anseo. Is sampla de sin an t-éileamh is déanaí ó aire airgeadais na Fraince, Roland Lescure, atá ag éileamh athdháileadh níos cothroime, mar a thug sé air, ar amhantar cánach na hÉireann.

Ag an am céanna tá saineolaithe sna meáin anseo, duine i ndiaidh duine, ag tabhairt rabhadh dúinn nach féidir linn a bheith ag brath ar an amhantar cánach seo agus go mbheidh tuilleadh brú orainn ónár “gcairde” san Aontas Eorpach mar gheall air.

Bheadh sé ciallmhar cinnte go mbainfeadh muid leas as an scéal mar atá le dlús a thabhairt don rannóg dhúchasach tionscalaíochta, ach níl na saineolaithe céanna in ann a aithint nach féidir leis an rannóg phríobháideach é sin a dhéanamh. Ní mór don stát an ról sin a ghlacadh.

Cén fáth? Tá rachmas dúchasach na hÉireann róbheag le bheith in ann infheistíocht a dhéanamh ag na leibhéil atá ag teastáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.