Is furasta glacadh leis gur le hÉirinn amháin a bhaineann scéal na Gaeilge. Léiríonn tionscnamh nua i Learpholl, áfach, gur fada ó theorainneacha na tíre seo a shíneann fréamhacha agus todhchaí na teanga. Agus 130 bliain de Chonradh na Gaeilge sa chathair á gceiliúradh, tá suirbhé seolta chun lucht labhartha agus foghlama na Gaeilge ar fud Merseyside a aimsiú agus a léiriú ar léarscáil.
Tá tábhacht stairiúil ag baint leis an obair seo. Ag deireadh an 19ú haois bhí craobhacha de Chonradh na Gaeilge ag teacht chun cinn cibé áit a raibh pobail Éireannacha lonnaithe i Learpholl agus sna ceantair máguaird. Bhí an teanga le cloisteáil ó Bootle go Old Swan agus Rock Ferry. Ba chuid d’fhéiniúlacht na n-imirceach í, fiú nuair a bhí brú orthu imeascadh i saol agus i sochaí nua.
Ní i Learpholl amháin atá an ceangal sin le sonrú. Tá pobail Ghaeilge agus grúpaí foghlama le fáil in áiteanna éagsúla sa Bhreatain, ina measc Londain, Manchain, Glaschú agus Dún Éideann. Bíonn ranganna, ciorcail chomhrá agus imeachtaí cultúrtha á reáchtáil acu, rud a thugann deis do dhaoine an teanga a fhoghlaim nó a athshealbhú.