An tseachtain seo caite scaip fórsaí Ansar Allah, ar a dtugtar Houthi freisin, le smacht a ghabháil ar chósta thiar Éimin. Tá an réigiún seo thar a bheith straitéiseach sa chaoi go bhfuil sé cois le Caolas Bab al-Mandib, aimn a chiallaíonn “geataí na ndeor”. Nascann an Caolas seo an Mhuir Rua agus leis sin an Mheánmhuir leis an Aigéan Indiach, bealach uisce ríthábhachtach le haghaidh trádbhealaí idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh le hiarthar, deisceart, oirdheisceart agus oirthear na hÁise, chomh maith leis an Astraláise. Ní féidir áibhéal a dhéanamh de thábhacht an chaolais seo ó thaobh straitéise de.
Coicís ó shin nuair a ghabh Ansar Allah calafort suntasach darb ainm Mocha bhí sé soiléir go raibh an chuid is suntasaí den chaolas smachtaithe acu agus gur léirigh siad cumas tabhairt faoi aon naimhde ar mian leo dul tríd an gcaolas le hionsaí a dhéanamh ar a longa lastais nó longa cogaidh fiú. Roimhe sin d’ionsaigh siad longa na nIosraelach sa chaoi nach féidir leo dul tríd an gcaolas a thuilleadh. Bhí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, a rá nach raibh aon choimhlint acu leo, rud a léiríonn an leochaileacht a bhaineann leis an tsárchumhacht seo.