Cárta bronntanais nua le caiteachas i ngnólachtaí Gaeltachta a spreagadh

Tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta leis an bpróiseas clárúcháin do Chárta na Gaeltachta, cárta bronntanais nua a sheolfar go hoifigiúil san fhómhar chun tacú le gnólachtaí áitiúla.

Beidh an cárta ar fáil i bhfoirm fhisiciúil agus dhigiteach agus féadfar é a úsáid i ngnólachtaí cláraithe i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge.

Táthar ag súil go spreagfaidh an tionscnamh cónaitheoirí agus cuairteoirí le níos mó airgid a chaitheamh go háitiúil sna hearnálacha miondíola, fáilteachais, fóillíochta, lóistín agus seirbhísí. Ní ghearrfar aon táille chlárúcháin ná coimisiún ar ghnólachtaí agus ní bheidh orthu trealamh breise a cheannach, mar go n-oibreoidh an cárta leis na teirminéil íocaíochta atá acu cheana féin.

Tabharfaidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta cuairt ar ghnólachtaí sna seacht gcontae sna seachtainí amach romhainn chun cabhrú leo clárú agus ullmhú don seoladh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur scéim cheannródaíoch í a chuirfidh “tionchar eacnamaíoch inbhraite” ar fáil do ghnólachtaí trí líon na gcustaiméirí agus an caiteachas áitiúil a mhéadú. Dúirt sé go ndíreofaí aird ar an tairiscint ghnó uathúil atá ar fáil sa Ghaeltacht agus go gcothófaí cultúr fadtéarmach ceannaigh go háitiúil.

Beidh an cárta mar chuid de líonra Town & City Gift Cards, lenar spreagadh breis agus €30 milliún de chaiteachas áitiúil in Éirinn go dtí seo. Dar le Mark Cunningham ó Miconex Éireann, beidh sé ar an tionscnamh is fairsinge dá leithéid sa tír.

Chuir Pádraig Ó Sé, ó Thigh Tábhairne Pháidí Uí Sé i bhFionntrá, fáilte roimh an scéim. Dúirt sé go gcinnteoidh an easpa coimisiúin go bhfanfaidh gach euro a chaitear leis an gcárta sna gnólachtaí agus sna pobail Ghaeltachta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.