Tá suirbhé nua seolta chun léargas a fháil ar na ceantair ar fud Merseyside ina bhfuil an spéis is mó sa Ghaeilge in 2026.
Tagann Suirbhé Gaeilge Learphoill 2026 agus 130 bliain á gceiliúradh ó bunaíodh Conradh na Gaeilge sa chathair. I ndeireadh an naoú haois déag bunaíodh craobhacha den Chonradh i gceantair éagsúla ina raibh pobail láidre Éireannacha, ó Bootle agus Old Swan go Rock Ferry.
Mar chuid den chomóradh, tá lucht eagraithe an tsuirbhé ag iarraidh léarscáil nua a chruthú a léireoidh cá bhfuil pobal Gaeilge Learphoill agus Merseyside lonnaithe anois. Beifear in ann an léarscáil sin a chur i gcomparáid le dáileadh phobal Éireannach Learphoill thart ar 1896.
Táthar ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa teanga a suíomh garbh a chlárú ar líne. Ní thógfaidh sé ach thart ar 30 soicind an suirbhé a chomhlánú agus beidh an t-eolas a chuirfear ar fáil go hiomlán anaithnid.
Dúirt na heagraithe gur mó duine a ghlacfaidh páirt ann, is ea is cruinne a bheidh an léarscáil. Tá siad ag impí ar dhaoine an suirbhé a roinnt le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge eile ar fud Learphoill.
Tá an suirbhé ar fail ag: https://learpholl-2026-mapa-gaeilgeoiri–learphollmapa.replit.app/