Os cionn 250,000 duine i láthair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Bhí os cionn 250,000 duine i láthair ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo ar an Screagán, Contae Uíbh Fhailí, áit ar tháinig feirmeoirí, polaiteoirí agus cuairteoirí le chéile ar feadh trí lá.

Ba é seo an cúigiú bliain a reáchtáladh an t-imeacht ar an Screagán, an cúigiú comórtas agus nócha. Bhí breis agus 350 iomaitheoir páirteach i 34 gcatagóir éagsúla treabhdóireachta ar an suíomh 700 acra.

D’fhreastail 77,000 duine ar an gcéad lá, beagán níos lú ná an 78,500 a bhí i láthair ar an lá céanna anuraidh. Cé gur thit cúpla múr báistí, bhí an ghrian ag taitneamh ar feadh cuid mhaith den lá agus níor chuir na ceathanna isteach ar ghiúmar an tslua.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.