Sárú sonraí Revolut

Samhlaigh go bhfaigheann tú ríomhphost ó Revolut maidin Dé hAoine ag rá go bhfuil cóip de do phas, seoladh do thí agus do stair idirbheart iomlán tugtha go calaoiseach do dhuine a lig air féin gur rialtas a bhí ann. Níor cailleadh pingin. Cailleadh rud nach féidir a athsholáthar chomh héasca – fios ag coirpeach cá bhfuil tú i do chónaí, cé mhéad atá agat, agus cén chuma atá ar aitheantas oifigiúil an bhainc ort.

Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair dheimhnigh Revolut do Reuters gur nocht siad faisnéis tar éis dó iarratas calaoiseach a fháil ó fhearann ríomhphoist dlisteanach a bhaineann le gníomhaireacht rialtais. Tháinig an t-iarratas ó chuntas neamhúdaraithe a bhí ag feidhmiú taobh istigh d’fhíorfhearann rialtais, sháraigh sé seiceálacha éagsúla, agus scaoil foireann comhlíonta Revolut na taifid sula ndeachaigh siad i dteagmháil leis an ngníomhaireacht agus sular thuig siad gur iarratas bréige a bhí ann.

Bhí ainm, dáta breithe, gairm, seoladh poist, ríomhphost, uimhir theileafóin, cóip den phas nó den cheadúnas, féinín fíoraithe, ráitis chuntais, IBAN agus stair idirbheart iomlán, lena n-áirítear Bitcoin, i gceist. Dúirt Revolut gur “fíortheoranta” an líon daoine atá i gceist ach dhiúltaigh síad uimhir, tír ná ainm na gníomhaireachta a thabhairt. 

Baineadh úsáid as teicníc ar a dtugtar calaois iarratais éigeandála bréige, teicníc atá ag dul i méid ó 2022, nuair a ghoid haiceálaithe fíor-chuntas ríomhphoist rialtas.

Bhí an sceitheadh thar a bheith íogair do shealbhóirí criptea-airgeadra toisc go nascann sé seoladh baile le stair idirbheart poiblí.

Dúirt Revolut gur chuir siad bac ar an seoladh láithreach agus gur chuir siad an ghníomhaireacht, údaráis cosanta sonraí agus rialtóirí airgeadais ar an eolas. 

Tharla an sárú ag droch-am, le 80 milliún custaiméir ar fud an domhain, ceadú coinníollach bainc sna Stáit Aontaithe ar 3 Meán Fómhair, agus luacháil suas le 200 billiún dollar á lorg ag tairiscint phoiblí thosaigh.

Conas a fháil amach an raibh tú i gceist

Tá an modh fíoraithe in aip Revolut féin.

Oscail aip Revolut, téigh go Account (barr ar chlé) ansin chuig Chats. Má tá tú i measc na ndaoine a bhí i gceist, feicfidh tú teachtaireacht ag lua an 11-12 Meán Fómhair. Liostaítear ansin go cruinn cad a scaoileadh fút.

Seoladh an teachtaireacht chéanna ar ríomhphost freisin. Mura bhfuil aon cheann agat, deir Revolut nach bhfuil tú i gceist. Mar sin féin, má tá tú sna 26 chontae Éirinn, áit a bhfuil 3.4 milliún custaiméar ag Revolut, is féidir leat iarratas rochtana ábhair faoi Airteagal 15 GDPR a dhéanamh chuig dpo@revolut.com chun deimhniú dlíthiúil a fháil.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.