Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tús lena cuairt oifigiúil ceithre lá ar Albain le cruinniú le Céad-Aire na tíre, John Swinney, i nDún Éideann.
Chuir an tUasal Swinney agus a bhean chéile, Elizabeth Quigley, fáilte roimh an Uachtarán agus a fear céile, Brian McEnery, ag Taigh Bhóid, áit chónaithe oifigiúil Chéad-Aire na hAlban. Bhí cruinniú acu ina dhiaidh sin inar pléadh féinriail, an t-athrú bunreachtúil, an ghéarchéim in Gaza, an cogadh san Úcráin agus an t-athrú aeráide.
Dúirt an tUachtarán Connolly roimh an gcuairt go raibh áthas uirthi deis a fháil tógáil ar an gcaidreamh a bunaíodh le Swinney i seachtainí tosaigh a huachtaránachta. Ba é ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban an chéad cheannaire rialtais ó thar lear a bhuail léi tar éis a hinsealbhaithe, nuair a thug sé cuairt ar Áras an Uachtaráin i mí na Samhna seo caite.