Cloch mhíle eile bainte amach ag An Páipéar

Is cúis mhór bhróid dúinne ag An Páipéar go bhfuil ár nuachtán ar fáil go hoifigiúil anois ar Irish Newspaper Archives, agus ár gcuid oibre á caomhnú mar chuid de thaifead stairiúil agus cultúrtha na hÉireann.

Ó bunaíodh An Páipéar i mí Dheireadh Fómhair 2024, tá sé mar aidhm againn guth láidir, neamhspleách agus comhaimseartha a thabhairt don Ghaeilge agus do phobal na teanga. Anois, tá céim thábhachtach eile chun cinn tógtha againn agus eagráin den nuachtán á gcur ar fáil do thaighdeoirí, do staraithe agus don phobal trí Irish Newspaper Archives.

Tá bailiúchán fairsing de nuachtáin stairiúla agus chomhaimseartha na hÉireann ar fáil ar an ardán agus is mór an onóir dúinn go mbeidh An Páipéar ina measc feasta.

Ní hamháin gur aitheantas é seo don obair atá déanta againn go dtí seo, ach cinntíonn sé freisin go mbeidh an méid atá á thuairisciú againn inniu ar fáil do na glúnta atá le teacht.

Gach seachtain, déanaimid ár ndícheall scéalta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a insint, chomh maith le clúdach cuimsitheach a thabhairt ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta, polaitíocht, spórt, cultúr agus saol na tíre trí mheán na Gaeilge.

Anois, beidh na scéalta sin á gcaomhnú go buan agus beidh deis ag taighdeoirí amach anseo léargas a fháil ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse seo.

Táimid thar a bheith bródúil as an méid atá bainte amach ag An Páipéar in achar gearr ama. Is cloch mhíle ar leith dúinn é ár nasc le Irish Newspaper Archives agus céim eile chun cinn agus muid ag iarraidh áit bhuan a chinntiú don iriseoireacht neamhspleách Ghaeilge i saol na meán in Éirinn.

Is feidir le leitheoirí An Páipéar lascaine 25% speisialta a fháil ar Irishnewsarchive.com leis an gcód ANPAIP25.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.