An bhothántaíocht ag tabhairt comharsana le chéile arís i mBaile Átha Cliath

Osclóidh óstaigh i thart ar 30 teach agus árasán ar fud Bhaile Átha Cliath a ndoirse dá gcomharsana Dé hAoine, an 27 Samhain, agus sean-nós na bothántaíochta á athbheochan ag Gaeilge365. Beidh ceol, comhrá agus scéalaíocht trí Ghaeilge mar chuid den fhéile, agus cuirfidh ealaíontóirí Gaeilge siamsaíocht ar fáil i dtuairim is 20 de na tithe.

Beidh teaghlaigh, ceoltóirí, ealaíontóirí agus gairmithe óga a chónaíonn i dtithe comhroinnte i measc na n-óstach. Tá daoine cláraithe i Sord, i Lusca agus i gCluain Saileach, chomh maith le Gabhrán, Glas Naíon agus Baile Formaid. Beidh imeachtaí ar siúl i gceantar Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin freisin, agus tá cur i láthair beartaithe in Ospidéal an Mater agus in ionad cónaithe do dhaoine scothaosta.

Ag labhairt di le An Páipéar, dúirt Aoife Ní Dhonaile, Oifigeach Nuálaíochta na Gaeilge le Comhairle Contae Fhine Gall, go raibh Gaeilge365 ag iarraidh ar dhaoine “aithne a chur ar a gcuid comharsan trí cheol, trí chomhrá agus trí mheán na Gaeilge”. Is é “Oscail do dhoirse, oscail do phobal” mana an fheachtais.

Thug Ní Dhonaile sampla ó Bhinn Éadair, áit a bhfuil bean ag eagrú oíche bhothántaíochta do chairde ar chuir sí aithne orthu nuair a bhí a clann ar an nGaelscoil. Tá na páistí fásta anois agus is annamh a fheiceann sí na mná a mbíodh sí ag casadh leo ag an am. Tabharfaidh an teacht le chéile deis dóibh teacht ar ais i dteagmháil lena chéile agus an Ghaeilge a labhairt arís.

Dúirt Ní Dhonaile gur léirigh sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go raibh pobail de chainteoirí Gaeilge ag fás i gceantair chónaithe ar fud Bhaile Átha Cliath. Thagair sí do Chnoc an tSeadáin, Gleann an Mhuilleora agus Coill Úll i Sord, áit a bhfuil na céadta cainteoirí Gaeilge sna heastáit sin. I gcás cuid acu, a dúirt sí, is beag aithne atá acu ar na comharsana a bhfuil an teanga i gcoiteann acu leo.

Ba ghnách le daoine tráthnónta fada an gheimhridh a chaitheamh ar cuairt i dtithe a gcomharsan. Dá mbeadh teach amháin folamh, thabharfaidís aghaidh ar an gcéad teach eile a raibh solas ann agus tine lasta. Tá rian den nós sin sa stór focal a bhaineann leis an gcuairt, idir airneál, cuairt shóisialta istoíche, agus scoraíocht, cuairt a thugtar ar chomharsa ar mhaithe leis an gcomhrá.

Is iad na hóstaigh féin a thabharfaidh cuireadh do dhaoine chuig na teacht le chéile ina dtithe. Is féidir leo siúd ar mhaith leo oíche dá gcuid féin a reáchtáil clárú le Gaeilge365 agus pacáiste treoracha digiteach a fháil. Beidh deis ag cuid de na hóstaigh taibheoir a fháil dá n-imeacht.

Tá ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath taobh thiar de Ghaeilge365, clár a fhéachann le deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid sa ghnáthshaol. Tá sé i gceist ag lucht an tionscnaimh an fhéile a reáchtáil gach bliain agus daoine a spreagadh le leanúint den bhothántaíocht idir na féilte. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig smaointe@gaeilge365.ie nó cláraigh ar https://forms.gle/owWgWhfG2AmJFMdg6 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.