Tá Splanc á sheoladh ag RTÉ. D’fhógair an craoltóir an scéim nua do chláir faisnéise san Óstán Metropole i gCathair Chorcaí maidin Dé Céadaoin. Agus Féile Scannán Chorcaí ar siúl ón 12 Samhain, bhí fonn ar an gcraoltóir náisiúnta dul i dteagmháil dhíreach le léiritheoirí agus scannánóirí na tíre le labhairt leo faoi na deiseanna nua atá cruthaithe acu.
Tá Splanc dírithe ar chruthaitheoirí atá glic ó thaobh na meán digiteach de. Chuir RTÉ béim ar leith ar an gcur chuige digiteach ar dtús. Is éard atá i gceist leis sin ná úsáid teanga, stíl agus foclaíocht a mbíonn aithne agus cur amach ag daoine atá 25 bliana d’aois agus beagán níos sine uirthi. Tá RTÉ ag lorg léiritheoirí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an gcineál teanga agus cur chuige a bhíonn in úsáid ag an aoisghrúpa ar leith sin. Gheobhaidh an cúigear a n-éireoidh leo deich míle euro chun a gcláir faisnéise a fhorbairt le RTÉ.

Dúirt Colm Crowley, Ceannaire RTÉ Chorcaí, go gcuireann siad fáilte agus fiche roimh léiritheoirí a bhfuil spéis acu cláir faisnéise Gaeilge a chruthú. Caithfidh “tionchar” a bheith le feiceáil san iarratas, dar leis.
Mar chuid den scéim nua seo, beidh RTÉ ag lorg scéalta tarraingteacha a bhfuil an aoisghrúpa sin ag iarraidh féachaint orthu. Tá siad ag lorg cláir faisnéise freisin a d’fhéadfaí a dhíol i réigiúin eile.
Is scéal dearfach é seo do chruthaitheoirí Gaeilge. Tá RTÉ faoi láthair ag cur béime ar ábhar Gaeilge a chur chun cinn. Chuireadar fáilte roimh Ghaeilgeoirí freastal ar an gcéad taispeántas de The Galway Bay Murders sa phictiúrlann Pálás le déanaí, le féachaint ar chlár atá suite i gConamara.
Mar chuid den phlé ar ábhar nua, luadh cláir cosúil le Ireland’s Side Hustle, atá á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin ón bpodchraoladh How to Gael. Chomh maith leis sin, beidh Daithí Ó Sé ag baint suilt as rud nár dhein sé agus é níos óige – briseadh bliana. Sa tsraith Daithí Ó Sé’s Gap Year, déanfaidh sé ceiliúradh ar Chorca Dhuibhne chomh maith le taisteal timpeall na hEorpa.
Cé nach bhfuil mórán eolais faoin scéim nua Splanc curtha amach fós, is féidir le léiritheoirí agus déantóirí clár faisnéise teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ag Splanc@rte.ie. Is léir go bhfuil sceitimíní ar RTÉ faoin togra, mar d’inis Colm Crowley go mbeadh eolas á scaipeadh acu chuig roinnt ollscoileanna sna seachtainí atá romhainn.