Bhí slua mór carranna ag tionlacan Rónán Ó Conghaile abhaile go Camus oíche Dé Domhnaigh agus Corn Uí Riada á thabhairt chun an bhaile aige tar éis a bhua ag Oireachtas na Samhna. Lean an ceiliúradh siar go Carna, dúiche a mháthar, áit ar chruinnigh amhránaithe as gach cearn d’Iorras Aithneach, na hOileáin agus Cois Fharraige i dTí Mheaic chun fáilte a chur roimh an laoch úr.
Bhí an dara háit bainte amach ag an amhránaí óg as Leitir Mór na Coille, Camus, i gCorn Uí Riada i mBéal Feirste anuraidh, ach ba í 2026 a bhliain speisialta. Ghnóthaigh sé Corn na bhFear chomh maith le príomhghradam amhránaíocht an tsean-nóis ag an bhféile.
Is é Aodán Ó Ceallaigh as Maol an Choirnigh, Rinn Ua gCuanach i bPort Láirge, a tháinig sa dara háit i mbliana. Ba é Evan Ó Gríofa as Leitir Móir, Contae na Gaillimhe, a ghnóthaigh an tríú háit.
Ní san amhránaíocht amháin atá a chumas cruthaithe ag Rónán. Tá bua an damhsa aige go smior freisin agus ba é a bhuaigh an príomhchomórtas damhsa ar an sean-nós in 2015. Aon bhliain déag ina dhiaidh sin, bhí sé ar ais i lár an aonaigh le héacht eile.
Ag labhairt dó le An Páipéar i ndiaidh an chomórtais, ba léir go raibh méid na héachta fós á thabhairt leis aige. Ba iad na hamhránaithe eile a bhí san iomaíocht agus an chaoi ar thug siad a gcroí don amhránaíocht a bhí chun tosaigh ina chuid cainte.
“Chas chuile dhuine óna gcroí agus bhí sé sin le feiceáil anseo anocht,” a dúirt sé.
Mhol sé gach amhránaí a tháinig ar an stáitse agus chuir sé síos orthu mar dhaoine speisialta. Bhí brí ar leith leis an mbua dó agus é ag smaoineamh ar na hamhránaithe sean-nóis a raibh Corn Uí Riada buaite acu roimhe.
D’admhaigh sé nár cheap sé go mbeadh sé féin ina measc. Cé go raibh lúcháir air faoin dá chorn, bhí áit faoi leith ag Corn Uí Riada ina chroí.
Agus é ag plé na hoibre a bhaineann le hamhráin a fhoghlaim, chuir Rónán béim ar an ngrá don traidisiún. Dar leis, caithfidh an grá sin agus tuiscint ar na hamhráin agus ar na foinn a bheith ag an té a théann i mbun na hamhránaíochta.
Ní leor, ina thuairim, amhráin a ullmhú le haghaidh comórtais amháin. Bhí an meas atá aige ar an gceird le sonrú ina chuid cainte agus é ag machnamh ar an mbua.
Luaigh sé freisin an sásamh a bhain sé as a chlann agus a chairde a bheith i láthair, lena dheartháir agus a dheirfiúr ina measc, chun an nóiméad a roinnt leis.
Thug an fháilte abhaile deis do mhuintir a cheantair féin a mbród a léiriú as. I dTigh Mheaic, i measc amhránaithe na gceantar máguaird, leanadh leis an gceiliúradh ar fhear a bhfuil a lorg fágtha aige anois ar dhá cheann de phríomhchomórtais an Oireachtais, agus ar an dá thraidisiún atá chomh dlúth sin dá chroí.