
Tá cosc náisiúnta ar úsáid píobán uisce i bhfeidhm ar fud na tíre ó mheán oíche aréir (Dé hAoine, 24 Iúil), agus beidh na srianta i bhfeidhm go dtí an 26 Lúnasa mar iarracht soláthairtí uisce óil a chosaint tar éis tréimhse fhada teasa agus triomaigh. Tá an tOrdú Caomhnaithe Uisce i bhfeidhm anois i…

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an gcead pleanála atá ceadaithe d’ionad fiontraíochta nua i nGaeltacht na nDéise, tionscadal a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ina mhol lárnach don fhiontraíocht, don chultúr agus don turasóireacht sa cheantar. Tá sé mar aidhm ag an bhforbairt suas le 50 post lánaimseartha a chruthú amach anseo.…
D’eisigh an rialtas a ráiteas eacnamaíoch samhraidh an tseachtain seo, ina leagtar amach paraiméadair bheartaithe cháinaisnéis Dheireadh Fómhair. Is é an ráiteas an chéad léiriú ar an méid airgid atá le caitheamh ar na gealltanais a chomhlíonadh. Tá tuairimíocht ann go mbeidh figiúirí idir €9 billiún agus €10 billiún i gceist, agus b’fhéidir €1.5 billiún…

D’fhógair Andy Burnham, Príomh-Aire úr na Breataine, a chomh-aireacht agus é ceaptha. Tháinig sé aniar aduaidh ar roinnt daoine sna Sé Chontae agus Hilary Benn bainte óna ról mar Rúnaí Stáit ar na Sé Chontae. Dúirt Benn, a ceapadh mar Rúnaí Stáit in 2024, gur pribhléid mhór a bhí ann an ról a dhéanamh agus…
Tá Gardaí tar éis scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaisrothar easbhóthair a urghabháil mar chuid d’fheachtas forfheidhmithe i mBaile Bhlainséir agus i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Tháinig an oibríocht agus an Rialtas ag fógairt sraith beart nua chun rialáil níos déine a dhéanamh ar úsáid scútar leictreach ar fud na tíre. Fuair…
Tá glao déanta ag an eagraíocht EnergyCloud ar an Rialtas leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite atá á chur amú faoi láthair chun cabhrú le teaghlaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh, mar chuid dá haighneacht réamhbhuiséid do Bhuiséad 2027. De réir na heagraíochta, meastar go gcuirfear níos mó ná €600 milliún d’fhuinneamh gaoithe in-athnuaite…

Tá comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha curtha i bhfeidhm anois i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, i bhforbairt atá curtha chun cinn mar chéim mhór chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge i spásanna poiblí a neartú. Tá an chomharthaíocht nua suite ar Bhóthar na bhFál idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine, áit a…

Deir Macra nach ceart d’aon duine óg a bheith díspreagtha ó ghairm bheatha san fheirmeoireacht, ach gur gá don Rialtas agus don Aontas Eorpach bearta práinneacha a dhéanamh chun í a dhéanamh ina rogha inmharthana don chéad ghlúin eile. Tháinig an eagraíocht amach leis an ráiteas tar éis don Fheisire Eorpach Luke ‘Ming’ Flanagan a…
Thóg sé thart ar 15 nóiméad ar na trí bhreitheamh sa Chúirt Achomhairc Dé Máirt cinneadh a dhéanamh ar an mbreithiúnas agus bhronn siad Deimhniú Iomrall Ceartais ar Osgur Breatnach maidir lena chiontú mícheart i robáil Thraein Phoist na Sollán in 1976. Ba é Breatnach duine de 40 ball den IRSP a gabhadh, cuid acu…
Eoin Ó Murchú Toghadh – nó ardú neamhthofa, níos cruinne – príomh-aire nua sa mBreatain, agus fearadh fáilte roimhe ag roinnt daoine a cheapann go bhfuil ré nua ag tosú i bpolaitíocht na Breataine. Níl. Tá amadáin ann a chreideann go ndéanfaidh Burnham maitheas don tír seo, i bhfianaise a shinsearacht Éireannach is Caitlicigh. Ach…