Gabhálacha agus urghabhálacha i bhfeachtas Gardaí agus rialacha níos déine beartaithe do scútair leictreacha

Tá Gardaí tar éis scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gluaisrothar easbhóthair a urghabháil mar chuid d’fheachtas forfheidhmithe i mBaile Bhlainséir agus i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Tháinig an oibríocht agus an Rialtas ag fógairt sraith beart nua chun rialáil níos déine a dhéanamh ar úsáid scútar leictreach ar fud na tíre.

Fuair an oibríocht tacaíocht ón Aer-Aonad nua Dróin de chuid an Gharda Síochána. Le linn an fheachtais, d’urghabh Gardaí gluaisrothar easbhóthair amháin, dhá rothar leictreacha agus aon scútar leictreach déag ó dhaoine a bhí á dtiomáint ar bhealach a sháraigh na rialacháin nó a measadh a bheith contúirteach ar bhóithre poiblí agus ar shráideanna coisithe.

Gabhadh fear amháin le linn na hoibríochta agus cúisíodh é ina dhiaidh sin. Scaoileadh ar bhannaí é agus tabharfar os comhair na cúirte é ar dháta níos déanaí. Déanfar atreorú freisin ar bhuachaill óg chuig Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Atreorú Óige. Dheimhnigh Gardaí go bhfuil na himscrúduithe fós ar bun.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.