Fáilte roimh chead pleanála d’ionad fiontraíochta nua i nGaeltacht na nDéise

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an gcead pleanála atá ceadaithe d’ionad fiontraíochta nua i nGaeltacht na nDéise, tionscadal a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ina mhol lárnach don fhiontraíocht, don chultúr agus don turasóireacht sa cheantar. Tá sé mar aidhm ag an bhforbairt suas le 50 post lánaimseartha a chruthú amach anseo.

Beidh an t-ionad nua, a bheidh suite sa Rinn, thart ar 1,500 méadar cearnach ar mhéid agus cuirfidh sé áiseanna nua-aimseartha ar fáil do chomhlachtaí atá lonnaithe sa cheantar cheana féin, ina measc Nemeton TV agus Na Bróga Dearga. Beidh spás ar fáil ann freisin do ghnólachtaí nua atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht.

Mar chuid den fhorbairt, beidh mol gteic ann do thart ar fiche duine, caifé, oifigí do Chomhlucht Forbartha na nDéise, spás oscailte a bheidh feiliúnach d’imeachtaí pobail agus do thaispeántais ealaíne, chomh maith le hamharclann faoin aer. Tá sé i gceist go mbeidh an t-ionad ina chroílár pobail agus ina áit a spreagfaidh nuálaíocht agus comhoibriú.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur céim shuntasach chun cinn é cead pleanála an tionscadail.

“Tá Gaeltacht na Rinne mar eiseamláir ó thaobh na fostaíochta de i gceantar ina bhfuil úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil ag fás. Beidh deis an obair cheannródaíoch atá ar bun ann a mheascadh le háiseanna den chéad scoth ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre agus a mheallfaidh tuilleadh fostaíochta inbhuanaithe chuig Gaeltacht Phort Láirge,” a dúirt sé.

Dúirt Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt le hÚdarás na Gaeltachta, Dónal Ó Liatháin, go réiteodh an t-ionad dúshlán a bhí ann le fada an lá.

“Tá gá le lárionad sa cheantar chun pointe fócais a sholáthar d’fhiontar, do chuairteoirí agus don phobal araon. Tá stair fhada ag an tionscadal seo, agus tá Comhlucht Forbartha na nDéise CTR i bpáirt leis an bpobal áitiúil tar éis obair na gcapall a dhéanamh chun é a thabhairt chun críche,” a dúirt sé.

Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhar le Comhlucht Forbartha na nDéise agus leis an bpobal áitiúil de réir mar a bhogfaidh an tionscadal ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den fhorbairt.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.